Cuntais PDF a Thaisceadh

Tá an Oifig um Chlárú Cuideachtaí tar éis saoráid a thabhairt isteach le déanaí, rud a ligeann do chustaiméirí leagan pdf dá gCuntais Bhliantúla a uaslódáil bheith i dteannta a bhfoirme Leictreonaí B1 Tuairisceáin Bhliantúil.

Tá sé chomh furasta leas a bhaint as an tsaoráid seo le cáipéis a cheangal le ríomhphost éigin. Is ag an gcustaimeir a bheidh an rogha leagan leictreonach reatha dá gcuntais a thiontú ina pdf nó leagan cruachóipe de na cuntais a scanadh agus iad a shábháil mar pdf.

Is é an custaiméir a chomhlánóidh a B1 ar líne ar https://core.cro.ie (Comhshaol Clárúcháin Chuideachtaí ar Líne) nó trí phacáiste bogearraí. Bíonn 28 lá acu ansin an leagan pdf dá gcuntais a uaslódáil. Is féidir iad a shíniú go leictreonach nó le leathanach síniúchán arna shíniú ag oifigigh na cuideachta ach a n-uaslódáiltear iad. Ba cheart go sroichfeadh an páipéar leis an táille iomchuí an CRO laistigh de 28 lá ó dháta taiscthe leictreonaigh an B1 dá mba rud é gur roghnaíodh an modh leathanaigh shíniúcháin.

Cuntais PDF a Uaslódáil

Téigh chuig do "Láithreán Oibre" in CORE nuair a chomhlánaíonn tú do B1 go rathúil. Feicfidh tú 4 mhiondeilbhí faoi "Bainistiú Cáipéise". Cliceáil ar an miondeilbhín "Uaslódáil Cuntais PDF".

Image CORE website

Tabharfar foirm duit ansin chun do chuntais a uaslódáil. Comhlánaigh an fhoirm seo agus cliceáil ar "Brabhsáil". Aimsigh an comhad PDF ar do ríomhaire agus cliceáil ar "Taisc".

Gheobhaidh tú leathanach síniúchán barra-chódaithe trí ríomhphost le síniú na stiúrthóirí a fháil, ach a mbailíochtaítear na mionsonraí má roghnaigh tú na cuntais a shíniú le leathanach síniúchán. Beidh tú in ann bileog chumhdaigh a íoslódáil má roghnaigh tú síniú le deimhniú ROS éigin, ach a mbeidh na síniúcháin ROS curtha leis. Ba chóir go seolfaí an bhileog chumhdaigh chugainn i dteannta le do sheic.

Má roghnaigh tú síniú go leictreonach agus íoc le Cuntas Taisce, is amhlaidh ansin atá an taisceadh leictreonach ina iomláine, agus ní gá aon leathanach síniúcháin ná bileog chumhdaigh dá réir.

Teastas torraíochta Gníomhaire Ríomhchomhdaithe Reachtúil.pdf