Ríomh Chomhdú - FOIRMEACHA C1, C1A/C1B

Ní mór Foirmeacha C1, C1A agus C1B agus F8, F8A agus F8B a ríomhchomhdú anois le síniú ROS. Ní ann d'áis ar bith chun na foirmeacha sin a chomhdú de láimh.

Ní bheidh an fhoirm comhdaithe go dtí go mbeidh an síniú ROS deiridh curtha i bhfeidhm le deimhniú ROS. Bí ar an eolas maidir leis an tráthchlár reachtúil ina leith sin le do thoil. Ní mór an méid atá sna foirmeacha sin a sheiceáil go cúramach, óir diúltófar dóibh má bhíonn siad neamhiomlán nó mícheart.

Ní mór go mbeadh an deimhniú nó an fo-dheimhniú ROS in ainm an té a bhfuil an fhoirm á síniú aige nó aici.

Ní mór do bheirt ar leithligh é a shíniú, duine amháin thar ceann na cuideachta agus an duine eile thar ceann an tsealbhóra muirir. I ndáil leis sin, cinntigh le do thoil go gcuirfear iad beirt isteach san Fhoirm nó sna Foirmeacha i gcáil sínitheoirí. Tabhair faoi deara le do thoil nach mór an t-ainm iomlán a shonrú agus ní leagan
giorraithe de (mar shampla, céadainm, iniseal nó sloinne).

Chun muirir a chomhdú faoi Acht na gCuideachtaí 2014:-