Na Buntáistí a Bhaineann le Comhdú Leictreonach

Tá céatadán ard de chustaiméirí an CRO ag baint leas cheana féin as na buntáistí a bhaineann le comhdú leictreonach, rud atá ag cruthú coigilteas suntasach ó thaobh costais pháipéir, costais phriontála, costais phostais agus táillí comhdúcháin de le blianta beaga anuas. B’ionann agus geall le 80%, nó níos mó ná sin, an céatadán d’fhoirmeacha B1, B2, B10 agus B73 a comhdaíodh go leictreonach leis an CRO sa bhliain 2016.

Is iad seo na príomhbhuntáistí a bhaineann leis na doiciméid sin a chomhdú

go leictreonach:

  • NÍ ghearrtar TÁILLE AR BITH as foirmeacha B2, B10 agus B73 a chomhdú go leictreonach.
  • Is é €20 an táille as ríomhfhoirm B1 a chomhdú
  • Déantar earráidí ar dhoiciméid a laghdú an oiread is féidir mar go dtugtar foláireamh don úsáideoir mura bhfuil faisnéis ar bith a chuireann sé/sí isteach ag teacht leis an bhfaisnéis atá ar thaifid an CRO le haghaidh na cuideachta sin.
  • Tá sé níos gasta agus níos éifeachtúla clárú. 
  • Laghdaítear an méid páipéir atá le priontáil agus le cur sa phost chuig an CRO go leathanach amháin i bhformhór na gcásanna nó go leathanach ar bith ar chor ar bith i gcás ina n-úsáidtear deimhnithe ROS (Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim).

Athruithe ar Fhoirmeacha B2, B10 agus B73 a chomhdú

Is é an t-aon athrú amháin atá ann ná nach mbeifear in ann foirmeacha B2, B10 agus B73 a chomhdú ar pháipéar tar éis an 1 Meitheamh 2017.

Athruithe ar Fhoirm B1 a chomhdú tar éis an 1 Meitheamh

Ón 1 Meitheamh 2017 i leith, is go leictreonach amháin a bheifear in ann foirm B1 agus cuntais airgeadais a chomhdú agus íoc as tuairisceán bliantúil. Mar sin féin, ní mór an leathanach sínithe a phriontáil, a shíniú agus a chur isteach de láimh chuig an CRO fós (mura sínítear é go digiteach ach ROS a úsáid).

I gcás deontóirí a chomhdaigh foirmeacha B1 go leictreonach san am atá thart, is iad seo na príomhathruithe a bheidh ann ón 1 Meitheamh ar leith:

Comhad PDF de Ráitis Airgeadais:

  • NÍ MÓR na ráitis airgeadais uile a uaslódáil mar iatán PDF ar CORE/phacáiste bogearraí laistigh de 28 lá ón dáta ar ar cuireadh ríomhfhoirm B1 isteach. Ní ghlacfaidh an CRO le cóipeanna crua de na ráitis airgeadais tar éis an 1 Meitheamh.
  • Is féidir an comhad PDF de na ráitis airgeadais a cheangal le ríomhfhoirm B1 i do Spás Oibre/phacáiste bogearraí ar an dóigh chéanna a gceanglaítear doiciméad le ríomhphost.
  • Ní mór an leathanach sínithe ar fhoirm B1 a sheachadadh chuig an CRO TAR ÉIS na ráitis airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF. Tabhair faoi deara go seolfaidh an CRO an leathanach sínithe ar ais mura rud é nár uaslódáladh na ráitis airgeadais ar é a fháil.

Íocaíocht Leictreonach:

  • NÍ MÓR an táille comhdúcháin agus aon phionóis i leith comhdú déanach a íoc go leictreonach le cárta creidmheasa/dochair nó trí Chuntas Custaiméara leis an CRO. Ní bheidh tú in ann cur isteach ríomhfhoirm B1 a chríochnú gan an íocaíocht a dhéanamh ag céim an chuir isteach ar dtús.
  • Ní bheifear in ann an táille comhdúcháin €20 ná aon phionóis i leith comhdú déanach a íoc le seic, le hordú poist, le hordú airgid ná le dréacht bainc. Mar sin féin, beifear in ann Cuntas Custaiméara a bhreisiú le seic, etc., tar éis an 1 Meitheamh go fóill.

Foirm a chomhdú go leictreonach den chéad uair

Is féidir gach foirm a chomhdú go leictreonach ach úsáid a bhaint as an gcóras comhdúcháin ar líne dar teideal CORE https://core.cro.ie/ atá i bhfeidhm ag an CRO nó as pacáiste bogearraí rúnaíochta.

Chun foirm a chomhdú go leictreonach ar CORE, ní mór duit clárú mar úsáideoir nua ar dtús. A luaithe atá tú cláraithe, is féidir leat logáil isteach. Ina dhiaidh sin, beidh tú in ann dul chuig “Foirm a Chomhdú”, an fhoirm atá le cur isteach (e.g. B1) a roghnú agus í a chomhlánú. Tá naisc ann ar CORE chun cabhrú leat má thagann tú ar aon deacrachtaí agus tú ag comhdú ar líne.

Foirm B1 atá comhdaithe go leictreonach a shíniú

Agus foirm B1 á comhdú aici, tá trí bhealach ann inar féidir le cuideachta an fhoirm a shíniú. Is bunaithe ar an mbealach roghnaithe a chinnfear cé na doiciméid eile, más ann dóibh, nach mór iad a sheachadadh chuig an CRO.

Foirm B1: Na Roghanna Sínithe agus na Doiciméid atá le seachadadh chuig an CRO

 
1 Síniú de Láimh
Ní mór an leathanach sínithe a bheith priontáilte amach agus sínithe ag Stiúrthóir agus ag Rúnaí. Ní mór an leathanach sínithe a sheoladh ansin chuig an CRO, Bóthar Uí Bhriain, Co. Cheatharlach.
Ní bheidh an cur isteach críochnaithe go dtí go mbeidh an leathanach sínithe de láimh faighte ag an CRO.

2 Déanfaidh Gníomhaire Comhdúcháin Leictreonaigh na cuideachta an fhoirm a shíniú go digiteach ach úsáid a bhaint as Deimhniú ROS (Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim): Dhá leathanach – (1) Leathanach Paiste (a soláthrófar le CORE/pacáiste bogearraí é) atá le seachadadh le
(2) Deimhniú Foriomlán do na ráitis airgeadais uaslódáilte, atá sínithe ag Stiúrthóir agus ag Rúnaí

3 Déanfaidh Stiúrthóir agus Rúnaí foirm B1 a shíniú go digiteach ach úsáid a bhaint as Deimhnithe ROS (Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim): Gan pháipéar – Leictreonach go hIomlán – ní bheidh aon doiciméad le seachadadh go fisiciúil chuig an CRO

Sínithe ar Ráitis Airgeadais

Maidir le ráitis airgeadais arna gcur faoi bhráid an CRO, ní gá go mbeidh síniú lámhscríofa na Stiúrthóirí ná na nIniúchóirí iontu. Ina ionad sin, ní mór go mbeidh na nithe seo a leanas i ráitis airgeadais arna gcomhdú leis an CRO:

  • ainm/ainmneacha clóscríofa an Stiúrthóra/na Stiúrthóirí a shínigh na ráitis airgeadais thar ceann an Bhoird Stiúrthóirí,
  • ainm clóscríofa an Iniúchóra (má bhaineann), agus
  • an dáta a síníodh gach doiciméad.

Nithe tábhachtacha atá le tabhairt faoi deara agus foirm B1 á comhdú:

  • Má chuirtear ríomhfhoirm B1 isteach ar líne tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an dáta tuairisceáin bhliantúil, beidh 28 lá eile ag an gcuideachta chun foirm B1 a shíniú go digiteach (sa chás sin, ní bheidh ar an gcuideachta aon doiciméid a sheachadadh chuig an CRO) nó chun an leathanach sínithe a shíniú de láimh agus a sheachadadh chuig an CRO.
  • Mura ndéantar an leathanach sínithe ar fhoirm B1 a phriontáil, a shíniú agus a sheachadadh chuig an CRO laistigh de 28 lá ó fhoirm B1 a chur isteach ar líne, is déanach a bheidh an tuairisceán bliantúil, tabhóidh an chuideachta pionóis i leith comhdú déanach agus caillfidh sí an díolúine ó iniúchadh sa bhliain reatha agus sa chéad bhliain eile dá héis.
  • Ní mór na Ráitis Airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF tráth nach déanaí ná an dara tréimhse 28 lá agus sula seachadtar an leathanach sínithe chuig an CRO.

Tuilleadh Faisnéise

  • Comhdú ar CORE: https://core.cro.ie    
  • Comhdú trí shuíomh Gréasáin pacáiste bogearraí: Déan teagmháil le do sholáthraí bogearraí    
  • Bosca Ríomhphoist le haghaidh Cabhair a Fháil le Ríomhfhoirm B1 a chomhlánú: eb1@dbei.gov.ie
  • ROS (Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim) https://www.ros.ie