Ceisteanna Coitianta maidir le Ríomhchomhdú Éigeantach

C1: Cad é an Bunús Dlí do ríomhchomhdú éigeantach tuairisceán bliantúil agus ráiteas airgeadais a thabhairt isteach?
F: Is iad Ionstraim Reachtúil Uimh. 458 de 2016 agus alt 897 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, an Bunús Dlí d’fhoirmeacha B1, B73, B2 agus B10 a ríomhchomhdú go héigeantach – féach I.R. Uimh. 456 de 2016 ar shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann agus Acht na gCuideachtaí, 2014, ar shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.

C2: Tá foirm B1 agus ráitis airgeadais agam i bhfoirm pháipéir. Síníodh an dá cheann díobh roimh an 1 Meitheamh. An bhféadfaidh mé iad a sheachadadh chuig CRO tar éis an 1 Meitheamh?
F: Ní fhéadfaidh. De réir théarmaí na hIonstraime Reachtúla lena mbaineann (I.R. Uimh. 458 de 2016), ní fhéadfar foirm B1 a sheachadadh ach amháin i bhformáid leictreonach ón 1 Meitheamh i leith. Má tá sé beartaithe agat tuairisceán bliantúil a sheachadadh chuig CRO an 1 Meitheamh nó ina dhiaidh, ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh: 

  • Foirm B1 a chur isteach ar CORE nó ar phacáiste bogearraí,
  • na ráitis airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF; agus
  • an táille a íoc le cárta creidmheasa/dochair nó trí Chuntas Custaiméara.
  • Má tá leathanach sínithe ag teastáil, seachaid an leathanach sin chuig CRO an 1 Meitheamh 2017 nó ina dhiaidh.

C3: An bhféadfar cóipeanna páipéir de ráitis airgeadais a chomhdú?
F: Ní fhéadfar. Ní ghlacfaidh CRO le cóipeanna crua de ráitis airgeadais an 1 Meitheamh 2017 nó ina dhiaidh.

  • Ní mór na ráitis airgeadais uile a uaslódáil mar chomhad PDF ar CORE nó ar phacáistí bogearraí laistigh de 28 lá ón dáta a fuarthas ríomhfhoirm B1. Is féidir an comhad PDF de na ráitis airgeadais a cheangal le ríomhfhoirm B1 i do Spás Oibre ar CORE nó i bpacáistí eile bogearraí ar an dóigh chéanna a gceanglaítear doiciméad le ríomhphost.
  • Níor cheart an leathanach sínithe ar fhoirm B1 a sheachadadh chuig CRO ach amháin TAR ÉIS na ráitis airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF.
  • Tabhair faoi deara go seolfaidh CRO an leathanach sínithe ar ais chuig an iarratasóir murar uaslódáladh na ráitis airgeadais cheana féin sula bhfuair CRO an leathanach sínithe.
  • Má tharlaíonn sé sin, tá baol ann go gcomhdófaí do thuairisceán bliantúil go mall. Tá baol ann freisin go gcaillfeá aon díolúine ó iniúchadh atá agat. Déan cinnte de go n-uaslódálfar na ráitis airgeadais sula gcuirfear an leathanach sínithe isteach.
  • Más rud é nár uaslódáladh na ráitis airgeadais go fóill tráth a fhaightear an leathanach sínithe in CRO, eiseofar ríomhphost chuig an Deontóir á chur in iúl dó/di gur seoladh a d(h)oiciméad ar ais agus nach mór dó/di foirm B1 uaidh/uaithi a thaisceadh an athuair, a ráitis airgeadais a uaslódáil, leathanach sínithe nua a phriontáil agus a shíniú agus an leathanach sin a sheachadadh chuig CRO laistigh de 14 lá. Ba cheart do Chuideachtaí agus do Dheontóirí a chinntiú go gcuireann siad na seoltaí ríomhphoist chearta ar fáil chun a áirithiú go dtabharfar fógra dóibh tráth a sheoltar a gcuid doiciméad ar ais mar nach bhfaighidh siad litir ná doiciméid trí chasadh an phoist a thuilleadh.

C4: Conas is féidir foirm B1 a shíniú?
F: Is féidir foirm B1 a shíniú go digiteach trí leas a bhaint as deimhniú de chuid Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir í a shíniú trí leas a bhaint as leathanach sínithe freisin. Beidh an leathanach sínithe ar fáil tar éis foirm B1 a chur isteach go leictreonach. Ní mór an leathanach sínithe a phriontáil amach, a shíniú agus a sheachadadh chuig CRO laistigh de 28 lá ón bhfoirm a chur isteach ar líne.

C5: An bhféadfaidh Gníomhaire Ríomhchomhdaithe foirm B1 a shíniú?
F: Féadfaidh Gníomhaire Ríomhchomhdaithe foirm B1 a shíniú trí leas a bhaint as Seirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim, ag gníomhú dó/di thar ceann na cuideachta lena mbaineann. Má tharlaíonn sé go ndéanann an Gníomhaire Riomhchomhdaithe foirm B1 a shíniú in áit an stiúrthóra agus an rúnaí, ní fhéadfaidh an Gníomhaire na ráitis airgeadais a dheimhniú thar ceann na cuideachta ansin. Ní mór an deimhniú foriomlán do na ráitis airgeadais a bheith sínithe ag an stiúrthóir agus ag an rúnaí agus ní mór é a sheachadadh chuig CRO laistigh de thréimhse 28 lá ansin.

C6: An bhféadfar seic a sheoladh in éineacht leis an leathanach sínithe?
F: Ní fhéadfar. Ní mór duit an táille a íoc le cárta dochair/creidmheasa nó trí chuntas custaiméara le CRO. Féadfaidh tú seic a úsáid chun airgead a chur le do chuntas custaiméara, áfach.

C7: Conas is féidir liom Cuntas custaiméara a oscailt le CRO?
F: Is féidir Cuntas a oscailt ar dhá bhealach:

1. Is féidir cuntais a oscailt ar líne ag www.cro.ie - Cuntas Nua  
2. Is féidir cuntais a oscailt trí leas a bhaint as foirm A/c1. Is féidir an fhoirm a phriontáil amach ón leathanach Cuntas Taisce a Oscailt. Is féidir an fhoirm sin a chomhlánú sula ndéanfar í a phriontáil amach. Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig Rannóg na gCuntas Custaiméara, CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.

C8: Má thiteann Dáta mo Thuairisceáin Bhliantúil roimh an 1 Meitheamh, an bhféadfaidh mé foirm B1 agus ráitis airgeadais a chomhdú i bhfoirm pháipéir tar éis an 1 Meitheamh?
F: Ní fhéadfaidh. Ní bhaineann dáta an tuairisceáin bhliantúil le hábhar anseo. De réir na hIonstraime Reachtúla lena mbaineann, is é dáta seachadta an tuairisceáin bhliantúil a chinnfidh an modh seachadta. Luaitear inti freisin nach bhféadfar foirm B1 a sheachadadh ach amháin i bhformáid leictreonach ón 1 Meitheamh i leith.

C9: An gá sínithe lámhscríofa a chur ar fáil i dteannta Ráitis Airgeadais?
F: Maidir le ráitis airgeadais arna gcur faoi bhráid CRO, ní gá go mbeidh síniú lámhscríofa na Stiúrthóirí ná na nIniúchóirí iontu. Ina ionad sin, ní mór go mbeidh na nithe seo a leanas i ráitis airgeadais arna gcomhdú le CRO:

  • ainm clóscríofa an Stiúrthóra/na Stiúrthóirí a shínigh na ráitis airgeadais thar ceann an Bhoird Stiúrthóirí,
  • ainm clóscríofa an Iniúchóra (má bhaineann), agus
  • an dáta a síníodh gach doiciméad.
  • Ní mór na ráitis airgeadais a bheith deimhnithe ag stiúrthóir agus ag rúnaí na cuideachta. Tá an deimhniú ann i bhfoirm B1. Mar sin féin, tá deimhniú foriomlán ar leith ag teastáil i gcás inar shínigh Gníomhaire Ríomhchomhdaithe foirm B1.

C10: An mbeidh mé in ann gach tuairisceán bliantúil amuigh a chomhdú ar líne trí CORE le haghaidh iarratas ar athbhunú agus roinnt leathanaigh shínithe a ghiniúint lena síniú agus lena gcur chuig CRO trí chasadh an phoist ag an am céanna?
F: Beidh. Tá CRO ag obair chun cabhrú le foirmeacha éagsúla B1 a chomhdú le haghaidh blianta i ndiaidh a chéile.

C11: Tuairisceáin Bhliantúla Dhéanacha - Ní féidir le cuideachta ag a bhfuil tuairisceáin amuigh do na blianta 2015 agus 2016 agus a fhaigheann fógra bainte an dá thuairisceán a chomhdú ar líne faoi láthair. Comhdaítear tuairisceán 2015 ar líne agus comhlánaítear tuairisceán 2016 mar fhoirm pháipéir. An mbeidh deontóir in ann an dá cheann díobh a chomhlánú ar líne?
F: Beidh. Tá CRO ag obair chun cabhrú le foirmeacha éagsúla B1 a chomhdú le haghaidh blianta i ndiaidh a chéile.

C12: Ní mór foirm ionaid B1 (B1B mar chódainm air) a chomhdú ar fhoirm pháipéir faoi láthair. An mbeidh saoráid ar líne ann chun tuairisceán bliantúil ionaid (cód B1B) a ríomhchomhdú?
F: Beidh. Tá CRO ag obair ar an tsaoráid sin a chur ar fáil.

C13: An féidir liom liosta stiúrthóireachtaí a sheoladh i dteannta mo leathanaigh sínithe fós?
F: Glacfaidh CRO fós le liosta láimhe stiúrthóireachtaí a sheoltar i dteannta an leathanaigh sínithe.

C14: Conas a chuirfidh mé liostaí scairshealbhóirí isteach?
F: Glactar le liostaí scairshealbhóirí i bhfoirm CD fós.

C15: Cad a theastaíonn uaim ar mo ríomhaire chun comhdú ar líne?
F: Teastaíonn na nithe seo a leanas uait chun comhdú ar líne:

  • Seoladh ríomhphoist bailí.
  • Adobe Acrobat 9 nó leagan níos nuaí ar do ríomhaire.
  • Is féidir Adobe Acrobat a íoslódáil saor in aisce ó www.adobe.com. Beidh ort é a íoslódáil ar do ríomhaire sula mbeidh tú in ann ríomhchomhdú.
  • Printéir.
  • Déan cinnte de go bhfuil an printéir ceangailte le do ríomhaire mar nach mór duit leathanach sínithe a phriontáil amach mar chéim deiridh sula gcomhdaíonn tú d’fhoirm.

C16: Is comhad rómhór é an comhad PDF le haghaidh mo ráiteas airgeadais agus ní féidir liom é a uaslódáil chuig CORE. Cad is féidir liom a dhéanamh?
F: Níor cheart comhaid PDF a bheith níos mó ná 5 MB. Más rómhór atá do chomhad, d’fhéadfá pictiúir/íomhánna a bhaint de na ráitis airgeadais. Cóipeáil an téacs a theastaíonn chuig doiciméad nua próiseála focal. Beidh roghanna eile ann má táthar ag úsáid próiseálaithe focal eile amhail CUTEFTP. Cliceáil ar ‘Comhad’ agus ‘Sábháil Mar PDF’. 3. Cliceáil ar an gCnaipe Raidió ‘Íoslaghdaigh an Mhéid’ agus ‘Comhbhrúigh Pictiúir’. Tabharfar roghanna le ‘Comhbhrúigh Pictiúir’. Dá laghad an taifeach a roghnaíonn tú, is amhlaidh is lú méid an doiciméid. Cliceáil ar ‘OK’ agus ‘Sábháil an Doiciméad mar PDF’.

C17: Cá háit ar féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil?
F: Tá tuilleadh faisnéise ar fáil mar seo a leanas:

  •  I gcás Gníomhairí Ríomhchomhdaithe agus ríomhchomhdú éigeantach, féach faisnéis do Ghníomhairí Ríomhchomhdaithe.
  •  Comhdú ar https://core.cro.ie
  •  Comhdú trí shuíomh Gréasáin pacáiste bogearraí: Déan teagmháil le do sholáthraí bogearraí