Cuardach Iniúchóirí

Iontráil Timpeallacht Chuardaí Iniúchóirí

An Clár

Tá Clár na n-Iniúchóirí coimeádta ag Cláraitheoir na gCuideachtaí agus tá ainmneacha agus seoltaí na ndaoine nó na ngnólachtaí ann ar tugadh fógra dó mar atá cáilithe le ceapadh mar iniúchóir cuideachta nó mar iniúchóir poiblí.

Fógraí

Cuireann na comhlachtaí aitheanta ríomhliostaí isteach go tráthrialta don CRO agus déantar iad seo a uaslódáil ar an ríomhchlár. Ní féidir le duine nó le gnólacht gníomhú mar iniúchóir mura bhfuil a gcuid sonraí seolta don CRO.

An chaoi a ndéantar rialáil ar Ghnólachtaí Iniúchóireachta agus ar Iniúchóirí

S.I. No. 312/2016 - European Union (Statutory Audits) (Directive 2006/43/EC, as amended by Directive 2014/56/EU, and Regulation (EU) No 537/2014) Regulations 2016.

Is é an OCC an tÚdarás Inniúil chun Clár na nIniúchóirí a chur ar fáil don phobal. Bíonn gach Iniúchóir á rialáil ag ceann amháin de na Comhlachtaí Aitheanta Cuntasaíochta (CACanna) a bhfuil cur síos orthu thíos.

Cuimsíonn an córas rialála CACanna na nithe seo a leanas:

  • Próisis chlárúcháin
  • Monatóireacht
  • Imscrúdú agus disciplín

Tá na CACanna faoi réir maoirseacht neamhspleách chomh maith ag Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (ÚMICÉLinks to external website).

Comhlachtaí Aitheanta

Chun gníomhú mar Iniúchóir ní mór don té bheith ina chomhalta de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta ag an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Is iad seo a leanas na comhlachtaí atá aitheanta faoi láthair :

Leathanach Baile Ainm an Chomhlachta Chuntasóireachta
ICAI Institiúid na gCuntasóirí Cairte in ÉirinnLinks to external website
ICAEW Institiúid na gCuntasóirí Cairte i Sasana agus sa Bhreatain BheagLinks to external website
ICAS Institiúid Chuntasóirí Cairte ina hAlbainLinks to external website
CPAI Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Deimhnithe in ÉirinnLinks to external website
ACCA Comhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe CairteLinks to external website

Iniúchóirí Aitheanta Aonair (IR)

Tá líon iniúchóirí ann atá aitheanta de bhrí gur aithin an tAire iad sular tháinig reachtaíocht a bhaineann le comhlachtaí aitheanta i bhfeidhm. Is féidir iad seo a aithint ar chlár na n-iniúchóirí le cód an Chomhlachta Chreidiúnaithe IR.

Téarmaí Cuardaigh Iniúchóirí

Is féidir leat cuardach le haghaidh iniúchóra trí ainm, sloinne nó ainm gnólachta a iontráil. Mura n-aimsíonn tú meaits láithreach ba chóir duit triail a bhaint as gach teaglaim mar ní thugann roinnt comhlachtaí aitheanta ach ainm an chomhlachta, roinnt eile nach dtugann ach ainm an duine agus roinnt eile a thugann an bheirt acu.

Ní dhéanann an láithreán gréasáin ach na hiniúchóirí siúd atá creidiúnaithe de réir faisnéise a tugadh dúinn a liostú. Iniúchóirí a bhfuil a gcreidiúnú scortha, níl siad ar an liosta.