Seirbhísí Ar Líne


Tá liosta de sheirbhísí agus de chláir ar líne a sholáthraíonn an CRO sa chuid seo den láithreán gréasáin.

Is féidir foirmeacha áirithe a sheoladh isteach go leictreonach lena n-áirítear an fhoirm, Tuairisceán Bliantúil (B1), Fógra maidir le hathrú ar sheoladh na hoifige cláraithe (B2) agus Fógra maidir le hathrú ar stiúrthóirí nó rúnaithe nó a shonraí (B10).

Is féidir tuairisceán bliantúil a chomhdú trí láithreán gréasáin CORE nó le pacáiste bogearraí: Féach Ríomhthuairisceán Bliantúil Tá faisnéis ann freisin faoi Théarmaí agus Choinníollacha maidir le Ríomhchomhdú ina iomláine. Is féidir Gníomhaire Ríomhchomhdaithe a úsáid leis an tuairisceán bliantúil a chomhdú ar líne.

Bain úsáid as Cuardach Cuideachta chun faisnéis faoi chuideachtaí nó ainmneacha gnó a aimsiú agus a ordú. Féadann tú doiciméid ón gCuardach a cheannach freisin. Lean an nasc le haghaidh faisnéise faoin dóigh chun Cuntas Taisce a Oscailt le CRO le do thoil.