Gníomhaire Ríomhchomhdaithe

Bhunaigh an CRO córas a ligeann do thuairisceáin bhliantúla (Foirm B1) a ríomhshíniú agus a ríomhchomhdú ina hiomláine.

De réir ailt 35 Acht na gCuideachtaí 2014, is féidir le cuideachta údarú a thabhairt do dhuine bheith ina Gníomhaire Ríomhchomhdaithe. Má roghnaíonn cuideachta amhlaidh, ní gá do stiúrthóirí nó rúnaithe na gcuideachtaí cur isteach ar ID agus PIN. Le tuilleadh faisnéise ar Ghníomhaire Ríomhcomhdaithe, féach Bileog Faisnéise Uimh. 15. Is féidir freisin síniú go leictreonach i CORE agus úsáid á baint as Deimhniú ROS (Seirbhís Ioncaim Ar Lne na gCoimisinéirí Ioncaim).

Cad é a chaithfidh mé a dhéanamh le bheith i mo ghníomhaire r-chomhdaithe?

Ní mór duit na nithe seo a leas a bheith agat:

  • Cuntas le CRO a bhfuil sochar ann

agus

  • Pacáiste Bogearraí Rúnaíochta atá formheasta

Pacáiste Bogearraí Rúnaíochta atá formheasta

  • Cláraigh ar ár láithreán gréasáin ag www.core.ie.

Ní mór duit na nithe seo a leas a chomhdú:

  • Foirm J1A. Nuair a dhéanfar an fhoirm seo a phróiseáil, gheobhaidh tú uimhir ID ghníomhaire ríomhchomhdaithe (Seo í an uimhir nach mór duit comhlánú ar gach Foirm B77)
  • Deimhniú ROS (Revenue Online Services) [Seirbhísí Ar Líne Ioncaim].
  • Foirm B77 do gach cuideachta a bhfuil ar intinn agat comhdú di. Is féidir é seo a dhéanamh Saor in Aisce le do phacáiste bogearraí rúnaíochta nó ar líne ag www.core.ie. Má sheolann tú foirm pháipéir B77 isteach, in-íoslódáilte ónár láithreán gréasáin, ní mór duit táille €15.00 a chur leis.

Nasc: Foirmeacha

SÍNIÚ LEICTREONACH ROS

Amach anseo, is féidir le Gníomhairí Ríomhchomdaithe (EFA) B1 in CORE a shíniú le síniú leictreonach ROS (Revenue Online Services) [Seirbhísí Ar Líne Ioncaim]. Ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin i gcás Gníomhaire Ríomhchodaithe é an duine atá ag deimhniú inneachar na foirme. Ó shuirbhé a rinneamar tá Deimhniú ROS ag 99.9% de na EFA agus táimid ag súil le go mbainfear úsáid forleathan as an tsaoráid seo dá réir.

Ceisteanna Coitianta maidir le Gníomhairí Ríomhchomhdaithe agus Ríomhchomhdú Éigeantach

Athruithe a bhaineann go sonrach le Gníomhairí Ríomhchomhdaithe de bharr I.R. Uimh. 458 de 2016
Is féidir gurb eol duit NACH MÓR ríomhchomhdú a dhéanamh ar na foirmeacha seo a leanas ón 1 Meitheamh 2017 i leith: foirm B2 (athrú ar oifig chláraithe), foirm B10 (athrú ar fhaisnéis stiúrthóra/rúnaí), foirm B1 (tuairisceán bliantúil agus ráitis airgeadais) agus foirm B73 (athrú ar dháta an tuairisceáin bhliantúil).
Níl aon athruithe ann i dtaca le foirmeacha B2, B10 agus B73 a ríomhchomhdú. Mar sin féin, ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach mór íoc as foirm B1 ón 1 Meitheamh 2017 i leith le cárta creidmheasa/dochair nó le cuntas custaiméara le CRO. Anuas air sin, ní mór ráitis airgeadais a uaslódáil. Ní féidir ráitis airgeadais pháipéir a chur chuig CRO ó mhí an Mheithimh i leith.

C1: Is gníomhaire ríomhchomhdaithe mé. An mbeidh mé in ann fós ráitis airgeadais pháipéir a chur isteach?
F1: Ní bheidh. Ní mór gach ráiteas airgeadais a chur isteach ar líne. Ór rud é go bhfuil ceanglas ann le ráitis airgeadais a uaslódáil, ba cheart duit a thabhairt faoi deara mar Ghníomhaire Ríomhchomhdaithe nach mbeidh tú in ann ráitis airgeadais lena ngabhann bunsíniú a sheachadadh i dteannta an leathanaigh phaiste ar fhoirm B1 a thuilleadh.

C2: Conas a dheimhním gur ceart atá na ráitis airgeadais?
F2: Tar éis duit foirm B1 a shíniú mar Ghníomhaire Ríomhchomhdaithe, beidh ort deimhniú foriomlán arna shíniú ag an stiúrthóir agus ag an rúnaí (síniú dúigh) a chomhdú agus ní mór é a sheachadadh chuig CRO i dteannta an leathanaigh phaiste.