C1: Cad é an Bunús Dlí do ríomhchomhdú éigeantach tuairisceán bliantúil agus ráiteas airgeadais a thabhairt isteach?F: Is iad Ionstraim Reachtúil Uimh. 458 de 2016 agus alt 897 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, an Bunús Dlí d’fhoirmeacha B1, B73, B2 agus B10 a ríomhchomhdú go héigeantach – féach I.R. Uimh. 456 de 2016 ar shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann agus Acht na gCuideachtaí, 2014, ar shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.
C2: Tá foirm B1 agus ráitis airgeadais agam i bhfoirm pháipéir. Síníodh an dá cheann díobh roimh an 1 Meitheamh. An bhféadfaidh mé iad a sheachadadh chuig CRO tar éis an 1 Meitheamh?F: Ní fhéadfaidh. De réir théarmaí na hIonstraime Reachtúla lena mbaineann (I.R. Uimh. 458 de 2016), ní fhéadfar foirm B1 a sheachadadh ach amháin i bhformáid leictreonach ón 1 Meitheamh i leith. Má tá sé beartaithe agat tuairisceán bliantúil a sheachadadh chuig CRO an 1 Meitheamh nó ina dhiaidh, ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
C3: An bhféadfar cóipeanna páipéir de ráitis airgeadais a chomhdú?F: Ní fhéadfar. Ní ghlacfaidh CRO le cóipeanna crua de ráitis airgeadais an 1 Meitheamh 2017 nó ina dhiaidh.
C4: Conas is féidir foirm B1 a shíniú?F: Is féidir foirm B1 a shíniú go digiteach trí leas a bhaint as deimhniú de chuid Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir í a shíniú trí leas a bhaint as leathanach sínithe freisin. Beidh an leathanach sínithe ar fáil tar éis foirm B1 a chur isteach go leictreonach. Ní mór an leathanach sínithe a phriontáil amach, a shíniú agus a sheachadadh chuig CRO laistigh de 28 lá ón bhfoirm a chur isteach ar líne.C5: An bhféadfaidh Gníomhaire Ríomhchomhdaithe foirm B1 a shíniú?F: Féadfaidh Gníomhaire Ríomhchomhdaithe foirm B1 a shíniú trí leas a bhaint as Seirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim, ag gníomhú dó/di thar ceann na cuideachta lena mbaineann. Má tharlaíonn sé go ndéanann an Gníomhaire Riomhchomhdaithe foirm B1 a shíniú in áit an stiúrthóra agus an rúnaí, ní fhéadfaidh an Gníomhaire na ráitis airgeadais a dheimhniú thar ceann na cuideachta ansin. Ní mór an deimhniú foriomlán do na ráitis airgeadais a bheith sínithe ag an stiúrthóir agus ag an rúnaí agus ní mór é a sheachadadh chuig CRO laistigh de thréimhse 28 lá ansin.C6: An bhféadfar seic a sheoladh in éineacht leis an leathanach sínithe?F: Ní fhéadfar. Ní mór duit an táille a íoc le cárta dochair/creidmheasa nó trí chuntas custaiméara le CRO. Féadfaidh tú seic a úsáid chun airgead a chur le do chuntas custaiméara, áfach.C7: Conas is féidir liom Cuntas custaiméara a oscailt le CRO?F: Is féidir Cuntas a oscailt ar dhá bhealach:1. Is féidir cuntais a oscailt ar líne ag www.cro.ie - Cuntas Nua 2. Is féidir cuntais a oscailt trí leas a bhaint as foirm A/c1. Is féidir an fhoirm a phriontáil amach ón leathanach Cuntas Taisce a Oscailt. Is féidir an fhoirm sin a chomhlánú sula ndéanfar í a phriontáil amach. Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig Rannóg na gCuntas Custaiméara, CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.C8: Má thiteann Dáta mo Thuairisceáin Bhliantúil roimh an 1 Meitheamh, an bhféadfaidh mé foirm B1 agus ráitis airgeadais a chomhdú i bhfoirm pháipéir tar éis an 1 Meitheamh?F: Ní fhéadfaidh. Ní bhaineann dáta an tuairisceáin bhliantúil le hábhar anseo. De réir na hIonstraime Reachtúla lena mbaineann, is é dáta seachadta an tuairisceáin bhliantúil a chinnfidh an modh seachadta. Luaitear inti freisin nach bhféadfar foirm B1 a sheachadadh ach amháin i bhformáid leictreonach ón 1 Meitheamh i leith.C9: An gá sínithe lámhscríofa a chur ar fáil i dteannta Ráitis Airgeadais?F: Maidir le ráitis airgeadais arna gcur faoi bhráid CRO, ní gá go mbeidh síniú lámhscríofa na Stiúrthóirí ná na nIniúchóirí iontu. Ina ionad sin, ní mór go mbeidh na nithe seo a leanas i ráitis airgeadais arna gcomhdú le CRO:
C10: An mbeidh mé in ann gach tuairisceán bliantúil amuigh a chomhdú ar líne trí CORE le haghaidh iarratas ar athbhunú agus roinnt leathanaigh shínithe a ghiniúint lena síniú agus lena gcur chuig CRO trí chasadh an phoist ag an am céanna?F: Beidh. Tá CRO ag obair chun cabhrú le foirmeacha éagsúla B1 a chomhdú le haghaidh blianta i ndiaidh a chéile.
C11: Tuairisceáin Bhliantúla Dhéanacha - Ní féidir le cuideachta ag a bhfuil tuairisceáin amuigh do na blianta 2015 agus 2016 agus a fhaigheann fógra bainte an dá thuairisceán a chomhdú ar líne faoi láthair. Comhdaítear tuairisceán 2015 ar líne agus comhlánaítear tuairisceán 2016 mar fhoirm pháipéir. An mbeidh deontóir in ann an dá cheann díobh a chomhlánú ar líne?F: Beidh. Tá CRO ag obair chun cabhrú le foirmeacha éagsúla B1 a chomhdú le haghaidh blianta i ndiaidh a chéile.
C12: Ní mór foirm ionaid B1 (B1B mar chódainm air) a chomhdú ar fhoirm pháipéir faoi láthair. An mbeidh saoráid ar líne ann chun tuairisceán bliantúil ionaid (cód B1B) a ríomhchomhdú?F: Beidh. Tá CRO ag obair ar an tsaoráid sin a chur ar fáil.
C13: An féidir liom liosta stiúrthóireachtaí a sheoladh i dteannta mo leathanaigh sínithe fós?F: Glacfaidh CRO fós le liosta láimhe stiúrthóireachtaí a sheoltar i dteannta an leathanaigh sínithe.C14: Conas a chuirfidh mé liostaí scairshealbhóirí isteach?F: Glactar le liostaí scairshealbhóirí i bhfoirm CD fós.C15: Cad a theastaíonn uaim ar mo ríomhaire chun comhdú ar líne?F: Teastaíonn na nithe seo a leanas uait chun comhdú ar líne:
C16: Is comhad rómhór é an comhad PDF le haghaidh mo ráiteas airgeadais agus ní féidir liom é a uaslódáil chuig CORE. Cad is féidir liom a dhéanamh?F: Níor cheart comhaid PDF a bheith níos mó ná 5 MB. Más rómhór atá do chomhad, d’fhéadfá pictiúir/íomhánna a bhaint de na ráitis airgeadais. Cóipeáil an téacs a theastaíonn chuig doiciméad nua próiseála focal. Beidh roghanna eile ann má táthar ag úsáid próiseálaithe focal eile amhail CUTEFTP. Cliceáil ar ‘Comhad’ agus ‘Sábháil Mar PDF’. 3. Cliceáil ar an gCnaipe Raidió ‘Íoslaghdaigh an Mhéid’ agus ‘Comhbhrúigh Pictiúir’. Tabharfar roghanna le ‘Comhbhrúigh Pictiúir’. Dá laghad an taifeach a roghnaíonn tú, is amhlaidh is lú méid an doiciméid. Cliceáil ar ‘OK’ agus ‘Sábháil an Doiciméad mar PDF’.
C17: Cá háit ar féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil?F: Tá tuilleadh faisnéise ar fáil mar seo a leanas: