Más neamh-chomhlíontach atá tuairisceán bliantúil:
A luaithe atá foirm B1 (foirm Tuairisceáin Bhliantúil) comhdaithe ar CORE laistigh de 28 lá ó dháta a tuairisceáin bhliantúil, ní mór na Ráitis Airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF tráth nach déanaí ná an dara tréimhse 28 lá agus sula seachadtar an leathanach sínithe chuig CRO. Ní mór íocaíocht as an tuairisceán bliantúil a dhéanamh ar líne. Is é €20 an táille a ghearrtar as ríomhfhoirm B1 a chomhdú. Cuimhnigh gurb amhlaidh, má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh trí chárta creidmheasa, gur lom láithreach a ghlacfar an íocaíocht agus NACH mBEIDH sí in-aisíoctha (mar nach féidir linn sonraí cárta a stóráil). Má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh trí chuntas custaiméara, ní asbhainfear an íocaíocht ó do chuntas custaiméara go dtí go gcuirtear sínithe leis. Má chomhdaítear tuairisceán bliantúil go déanach, beidh feidhm ag pionóis i leith comhdú déanach agus, nuair is infheidhme, caillfidh an chuideachta a teidlíocht i leith díolúine ó iniúchadh a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin.
Chun cur chun feidhme na Treorach athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2) a éascú, ar dlí Eorpach é a tháinig i bhfeidhm le déanaí chun é a dhéanamh níos sábháilte do thomhaltóirí íocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh ar líne, bhí ar CRO athruithe a dhéanamh ar ár leathanach íocaíochta ach 6 réimse nua a chur leis. Is eol dúinn go bhfuil roinnt daoine atá ag úsáid an chórais CORE ag streachailt leis na réimsí nua sin agus ag teacht ar earráidí agus iad ag iarraidh íocaíocht ar líne a dhéanamh. Chun earráidí a sheachaint agus leanúint leis an íocaíocht, déan cinnte de go líonann tú na sonraí isteach sna 6 réimse go léir (Seoladh 1, Seoladh 2, Cathair, Postchód, Tír agus Uimhir Theileafóin). Má chuirtear roinnt saincharachtar isteach sna réimsí, cruthófar earráidí agus cuirfear cosc ar lódáil an scáileáin iontrála cárta creidmheasa. Mar shampla, ní ghlactar le lúibíní “(“ “)” sa réimse uimhir theileafóin. Níor cheart carachtair neamhaibítreacha/neamhuimhriúla a úsáid, seachas comharthaí athfhriotail agus fleiscíní do na seoltaí.
De ghnáth, is fearr an brabhsálaí Internet Explorer a úsáid leis na córais ar líne reatha de chuid CRO. Dá bhrí sin, mholfaimis do chustaiméirí Internet Explorer a úsáid nuair is féidir agus iad ag ríomhchomhdú.
Teastaíonn na nithe seo a leanas uait chun comhdú ar líne:
Níor cheart comhaid PDF a bheith níos mó ná 5 MB. Más rómhór atá do chomhad, d’fhéadfá pictiúir/íomhánna a bhaint de na ráitis airgeadais. Cóipeáil an téacs a theastaíonn chuig doiciméad nua próiseála focal. Beidh roghanna eile ann má táthar ag úsáid próiseálaithe focal eile amhail CUTEFTP. Cliceáil ar ‘Comhad’ agus ‘Sábháil Mar PDF’. 3. Cliceáil ar an gCnaipe Raidió ‘Íoslaghdaigh an Mhéid’ agus ‘Comhbhrúigh Pictiúir’. Tabharfar roghanna le ‘Comhbhrúigh Pictiúir’. Dá laghad an taifeach a roghnaíonn tú, is amhlaidh is lú méid an doiciméid. Cliceáil ar ‘OK’ agus ‘Sábháil an Doiciméad mar PDF’.
DOICIMÉID A RIANÚ TRÍ CORE A ÚSÁID: An tSaoráid Spás Oibre agus an tSaoráid Faire Cuideachta
Nuair a chuireann tú doiciméad isteach ar líne chuig CRO trí CORE (córas comhdúcháin ar líne CRO), is féidir leat do Spás Oibre a úsáid chun stádas gach doiciméid a chuir tú isteach go leictreonach a rianú. Athraítear stádas do dhoiciméid laistigh den spás oibre de réir mar a athraítear é ar chóras CRO e.g. seolta ar ais, faighte, cláraithe, etc. https://core.cro.ie/Home/FullHelp
Is féidir leat faire a choimeád ar chuideachta nó ar chuideachtaí ar leith as a bhfuil tú freagrach. https://core.cro.ie/Home/CompanyWatchRequestHelp
Trí úsáid a bhaint as an dá shaoráid sin, cinnteofar gurb eol duit cé acu a fuair CRO do dhoiciméid nó a seoladh ar ais iad le haghaidh leasuithe. Má sheoltar doiciméad ar ais, gheobhaidh tú ríomhphost ina dtabharfar fógra faoin doiciméad seolta ar ais. Déan cinnte de gur chuir tú seoladh ríomhphoist ar fáil atá cothrom le dáta agus a gcoinnítear súil air agus seiceáil an fillteán turscair freisin. Is é an seoladh ríomhphoist a úsáidtear an seoladh atá bainteach le do chuntas ar CORE agus is féidir é a sheiceáil nó a athrú in CORE faoi do phróifíl i ‘Riarachán’.
Ní sheoltar ríomhdhoiciméid ar ais trí chasadh an phoist.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil mar seo a leanas: