Athbhreithniú ar na Ráitis Airgeadais agus/nó Tuarascáil na Stiúrthóirí

I gcás ina mbeidh cóipeanna de na Ráitis Airgeadais bhunaidh nó de thuarascáil bhunaidh na stiúrthóirí curtha faoi bhráid na cuideachta i gcruinniú ginearálta nó seachadta ar an gCláraitheoir, ba cheart gach athbhreithniú a dhéanamh faoi threoir alt 366 go dtí alt 379, Acht na gCuideachtaí 2014.

Má thagann an chuideachta ar an eolas go bhfuil botún sna Ráitis Airgeadais, ba chóir di an botún a cheartú agus na doiciméid cheartaithe a chomhdú leis an CRO tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis di iad a athbhreithniú.

Úsáidtear an Fhoirm B1X agus Ráitis Airgeadais athbhreithnithe á gcomhdú. Nasc: Foirmeacha 

Is féidir an t-athbhreithniú a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas, ag brath ar an gcineál botúin atá á athbhreithniú:

  • Nóta Forlíontach; nó,
  • Tuarascáil Stiúrthóirí athbhreithnithe; nó,
  • Ráitis Airgeadais athbhreithnithe.

Beidh na Ráitis Airgeadais nó an Tuarascáil Stiúrthóirí athbhreithnithe ina Ráitis Airgeadais reachtúla nó ina Tuarascáil Stiúrthóirí leasaithe de chuid na cuideachta don bhliain airgeadais iomchuí ó dháta a gceadaithe nó a ceadaithe ag Stiúrthóirí na cuideachta (alt 373 d'Acht na gCuideachtaí 2014). Coinneofar na Ráitis Airgeadais bhunaidh nó Tuarascáil bhunaidh na Stiúrthóirí ar an gClár (alt 376(6) d'Acht na gCuideachtaí 2014).

Ní mór na hathbhreithnithe ar na Ráitis Airgeadais a shíniú agus dáta a chur leo ar an gcaoi chéanna leis na Ráitis Airgeadais bhunaidh agus ba chóir athbhreithniú trí bhíthin Nóta Forlíontach a shíniú ar an gcaoi chéanna leis an gClár Comhardaithe bunaidh (alt 368 d'Acht na gCuideachtaí 2014). 

Athbhreithniú ar Thuarascáil na Stiúrthóirí trí Nóta Forlíontach

Is féidir nóta forlíontach a úsáid i gcás ina bhfuil athbhreithniú á dhéanamh de bharr easnamh i dtuarascáil na stiúrthóirí nó ceartú uirthi, sa chás NACH ndéanann faisnéis bhreise difear d'fhaisnéis eile a áirítear sa tuarascáil. I ngach cás eile ní mór Tuarascáil Stiúrthóirí athbhreithnithe a chomhdú.

Sa chás ina ndéantar an t-athbhreithniú ar Thuarascáil na Stiúrthóirí trí Nóta Forlíontach, ba chóir go n-áireofaí sa nóta ráiteas ó na Stiúrthóirí in áit fheiceálach: 

  • go ndéantar athbhreithniú sa nóta ar shlite áirithe ar Thuarascáil bhunaidh na Stiúrthóirí agus go bhfuil sé ina chuid de Thuarascáil bhunaidh na Stiúrthóirí anois.
  • go bhfuil an t-athbhreithniú ar Thuarascáil na Stiúrthóirí amhail dháta Thuarascáil bhunaidh na Stiúrthóirí agus nach ndéileáiltear ann le himeachtaí ón dáta sin i leith.

Athbhreithniú ar na Ráitis Airgeadais trí Nóta Forlíontach

Is féidir Nóta Forlíontach a úsáid i gcás ina bhfuil athbhreithniú á dhéanamh de bharr easnaimh i nóta leis na Ráitis Airgeadais nó de bharr ceartúcháin ar nóta leis na Ráitis Airgeadais agus NACH ndéantar difear do na méideanna sna ráitis agus don chur i láthair iontu arna gceangal faoin gcreat tuairiscithe airgeadais. I ngach cás eile ní mór Ráitis Airgeadais athbhreithnithe a chomhdú.

Sa chás ina ndéantar an t-athbhreithniú ar na Ráitis Airgeadais trí Nóta Forlíontach, ba chóir go n-áireofaí sa nóta ráiteas ó na Stiúrthóirí in áit fheiceálach: 

  • go ndéantar athbhreithniú sa nóta ar shlite áirithe ar na Ráitis Airgeadais reachtúla bhunaidh agus go bhfuil sé ina chuid de na Ráitis Airgeadais sin anois
  • go bhfuil an t-athbhreithniú ar na Ráitis Airgeadais amhail dháta na Ráiteas Airgeadais bunaidh agus nach ndéileáiltear iontu le himeachtaí ón dáta sin i leith.

Athbhreithniú ar Thuarascáil na Stiúrthóirí le ceann ionaid
An cás ina gcuirtear Athbhreithniú in ionad Thuarascáil na Stiúrthóirí
Ní mór go n-áireofaí i dTuarascáil athbhreithnithe na Stiúrthóirí ráiteas ó na Stiúrthóirí in áit fheiceálach ina luafar: 

  • go bhfuil Tuarascáil athbhreithnithe na Stiúrthóirí á cur in ionad Tuarascáil bhunaidh na Stiúrthóirí.
  • go bhfuil an t-athbhreithniú ar Thuarascáil na Stiúrthóirí amhail dháta na tuarascála bunaidh agus nach ndéileáiltear ann le himeachtaí ón dáta sin i leith, agus
  • na slite nach bhféadfadh Tuarascáil na Stiúrthóirí Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh.
  • aon leasuithe suntasacha a bhfuil tábhacht ag baint leo de bharr na gceartúchán. 

Tuarascáil na nIniúchóirí Reachtúla ar Thuarascáil athbhreithnithe na Stiúrthóirí
Sa chás ina ndearnadh iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais bhunaidh agus nach ndearnadh ach Tuarascáil na Stiúrthóirí a athbhreithniú, ullmhóidh an t-iniúchóir tuarascáil (alt 372 d'Acht na gCuideachtaí 2014). Tabharfar sa tuarascáil sin tuairim an Iniúchóra faoi cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa tuarascáil athbhreithnithe ag teacht leis na Ráitis Airgeadais reachtúla bhunaidh. 

Athbhreithniú ar na Ráitis Airgeadais le cinn ionaid

I gcás ina gcuirtear an tAthbhreithniú in ionad na Ráiteas Airgeadais, ní mór go sonrófaí an méid seo a leanas in áit fheiceálach i Ráiteas na Stiúrthóirí ar na Ráitis Airgeadais athbhreithnithe: 

  • Go bhfuil Ráitis Airgeadais nua curtha in ionad na Ráiteas Airgeadais bunaidh don bhliain sin.
  • Gurb iad na Ráitis Airgeadais athbhreithnithe na Ráitis Airgeadais reachtúla don bhliain sin anois.
  • Go bhfuil na Ráitis Airgeadais athbhreithnithe ullmhaithe amhail dháta na Ráiteas Airgeadais bunaidh agus nach ndéileáiltear iontu le himeachtaí ón dáta sin i leith.
  • Conas nár chomhlíon na Ráitis Airgeadais bhunaidh ceanglais Acht na gCuideachtaí 2014.
  • Aon leasuithe suntasacha a rinneadh mar thoradh ar na lochtanna sin a cheartú. 

Tuarascáil na nIniúchóirí Reachtúla ar na Ráitis Airgeadais athbhreithnithe agus an tuarascáil athbhreithnithe (alt 370 d'Acht na gCuideachtaí 2014)
Sa chás ina ndearnadh iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais bhunaidh nó go bhfágann an t-athbhreithniú go gcaillfear an díolúine ó iniúchadh, ullmhóidh an t-iniúchóir Tuarascáil Iniúchóirí athbhreithnithe (alt 391, Acht na gCuideachtaí 2014), agus tuarascáil faoi alt 370, Acht na gCuideachtaí 2014 ina dtabharfar tuairim faoin méid seo a leanas: 

  • Cibé an bhfuil nó nach bhfuil na Ráitis Airgeadais athbhreithnithe ullmhaithe go cuí
  • Cibé an dtugtar nó nach dtugtar léargas fíorcheart ar chúrsaí mar a bhí ar dháta na Ráitis Airgeadais bhunaidh
  • I dtuairim na n-iniúchóirí reachtúla, cibé ar mhainnigh nó nár mhainnigh na Ráitis Airgeadais bhunaidh ceanglais an Achta a chomhlíonadh maidir le Ráiteas na Stiúrthóirí a cheanglaítear le halt 368(2) d'Acht na gCuideachtaí 2014
  • Cibé an bhfuil nó nach bhfuil an fhaisnéis arna tabhairt i dTuarascáil na Stiúrthóirí ag teacht leis na Ráitis Airgeadais athbhreithnithe. 

Má bhí díolúine ó iniúchadh ann i leith Ráitis Airgeadais bhunaidh na cuideachta agus nach ndéanann an t-athbhreithniú difear dó sin, níl aon ghá le tuarascáil iniúchóirí. 

Cailliúint Díolúine ó Iniúchadh mar thoradh ar athbhreithniú
I gcás ina bhfágann na hathbhreithnithe nach bhfuil cuideachta a d'éiligh díolúine ó iniúchadh incháilithe le haghaidh díolúine ó iniúchadh, ní mór tuarascáil iniúchóirí a chomhdú laistigh de 2 mhí ón athbhreithniú. 

An Chéad Bhliain Eile – ní mór go ndéanfaí tagairt don athbhreithniú sna chéad Ráitis Airgeadais eile a chomhdófar
Sa chás ina ndéantar athbhreithniú ar na Ráitis Airgeadais reachtúla maidir le bliain ar bith, ní mór, sna chéad Ráitis Airgeadais reachtúla eile arna n-ullmhú tar éis dháta an athbhreithnithe, a lua gurb amhlaidh go ndearnadh an t-athbhreithniú agus sonraí a chur ar fáil faoin athbhreithniú agus faoi chúis an athbhreithnithe.