Athrú ar Dheireadh na bliana airgeadais

Sonraigh, le do thoil, cibé an é an dáta deiridh bliana airgeadais atá á athrú deireadh bliana airgeadais na cuideachta faoi láthair nó an deireadh bliana airgeadais roimhe seo ar Foirm B83.  Sa chás ina dtugtar an fógra seo don Chláraitheoir—
(a) beidh gach dáta deiridh bliana airgeadais ina dhiaidh sin ar chothrom lae an dáta deiridh bliana airgeadais nua arna shonrú san fhógra seo; agus
(b) dá dhroim sin, déantar tús gach ceann de na blianta airgeadais a leanfaidh an dáta deiridh  bliana airgeadais nua arna shonrú amhlaidh a chur siar, nó, de réir mar a bheidh, a thabhairt  ar aghaidh an tréimhse chuí ama.

Ní fhéadfaidh Cláraitheoir na gCuideachtaí glacadh le foirm B83:

  • (i) dá bhfágfadh an fógra go mbeadh an bhliain airgeadais níos faide ná 18 mí nó
  • (ii) sa chás ina bhfuil an tréimhse maidir le ráitis airgeadais a sheachadadh ar an gCláraitheoir don bhliain airgeadais roimhe sin imithe in éag.
  • (iii) dá bhfágfadh an t-athrú go mbeadh bearna sna tréimhsí arna gclúdach ag ráitis airgeadais na cuideachta
  • (iv) dá bhfágfadh an t-athrú nach ndéanfadh an chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú i mbliain éigin
  • (v) má dhéantar an fógra nua B83 tráth nach lú ná 5 bliana tar éis fógra B83 roimhe sin.

Maidir le pointe (v), tá díolúine ann ón riail 5 bliana faoi alt 288(10) d'Acht na Cuideachtaí 2014 i gcás foghnóthais nó gnóthas sealbhaíochta de ghnóthas eile de chuid LEE más mar an gcéanna an dáta nua um dheireadh bliana airgeadais arna shonrú agus an ceann atá ag an ngnóthas LEE eile nó sa chás ina bhfuil sé á fhoirceannadh. Maidir le hiarratais a rinneadh leis an ODCE faoi alt 288(10)(c) CA 2014, tabhairt do d’aire  le do thoil go bhfuil cumhacht an Stiúrthóra lánroghnach. Féadfar an t-iarratas a dhiúltú.