Cuntais a ríomhchomhdú

Faoi Alt 347 d'Acht na gCuideachtaí 2014, cuirtear deireadh leis an gceanglas maidir le sínithe lámhscríofa Stiúrthóirí, Iniúchóirí agus araile a bheith san áireamh i ndoiciméid chuntas a chomhdaítear leis an CRO, agus éilítear ina ionad sin go mbeadh na sínithe i bhfoirm chlóscríofa ar gach doiciméad.

B1 A RÍOMHCHOMHDÚ TRÍ CORE:

Beidh athrú ar an r-B1 i www.CORE.ie chun a bheith in oiriúint dóibh siúd ar mian leo cuntais ina bhfuil sínithe clóscríofa a chomhdú.

Taispeánfar liosta de na cineálacha cuideachta nó na cineálacha cuntas don chustaiméir agus ní mór tic a chur i mbosca lena chur in iúl cén cineál cuntas atá á gcomhdú ag a chuideachta. Taispeánfar Deimhniú comhfhreagrach ansin ar leathanach na sínithe agus is féidir leis an Stiúrthóir agus an Rúnaí síniú i gcomhair an r-B1 agus na gcuntas araon ar an leathanach amháin sin.

Ansin féadfaidh an té a bhfuil cuntais á gcur i láthair aige nó aici:

  • na cuntais a uaslódáil mar PDF agus leathanach sínithe amháin a sheoladh chuig an CRO, nó
  • leathanach na sínithe a shíniú trí úsáid a bhaint as sínithe ROS, agus sa chás sin ní gá aon doiciméid pháipéir a chur chuig an CRO. 

B1 A RÍOMHCHOMHDÚ TRÍ PHACÁISTE BOGEARRAÍ:

Tá soláthraithe bogearraí ag obair faoi láthair ar a gcuid pacáistí a thabhairt cothrom le dáta chun na cineálacha cuntais a chur san áireamh i liosta na gceangaltán agus na nDeimhnithe comhfhreagracha. Go dtí go mbeidh an nuashonrú curtha i bhfeidhm, comhdaigh foirmeacha B1 mar is gnáth le do thoil, le cuntais ina bhfuil sínithe clóscríofa agus Deimhniú Foriomlán ina bhfuil an deimhniúchán ábhartha agus é sínithe ag an Stiúrthóir agus an Rúnaí (cosúil leis an gceann a bhíonn in úsáid acu siúd a chomhdaíonn leaganacha páipéir - féach thíos). Chun eolas a fháil ar cén uair a bheidh an áis nua ar fáil, déan teagmháil le do sholáthraí bogearraí le do thoil.

Go hachomair:

  • Beidh tréimhse 28 lá ag lucht comhdaithe go fóill chun leathanach na sínithe, ar bhileog amháin, agus é sínithe, a chur faoi bhráid an CRO agus cuntais PDF a chur i gceangal leis.
  • Ní mór leathanach na sínithe a bheith sínithe ag an Stiúrthóir agus an Rúnaí araon.
  • Ní féidir le Gníomhaire Ríomhchomhdaithe leathanach na sínithe a shíniú.
  • Ní gá ach ainmneacha clóite Stiúrthóra agus Iniúchóra a bheith ar na cuntais PDF.

CONAS CUNTAIS PDF A UASLÓDÁIL:

I CORE, nuair a bheidh d’fhoirm B1 comhdaithe agat, téigh go dtí do 'Spás Oibre'. Faoi 'Bainistiú Doiciméad' feicfidh tú 4 dheilbhín. Cliceáil ar an deilbhín 'Uaslódáil Cuntais PDF'.

Taispeánfar foirm duit ansin chun do chuntais a uaslódáil. Comhlánaigh an fhoirm sin agus cliceáil ar 'Brabhsáil'. Aimsigh an comhad PDF ar do ríomhaire agus cliceáil ar 'Cuir Isteach'.

Má tá sé roghnaithe agat na cuntais a shíniú le leathanach sínithe, gheobhaidh tú leathanach sínithe ar a bhfuil barrachód tríd an ríomhphost ar gá do na Stiúrthóirí é a shíniú, nuair a bheidh na sonraí bailíochtaithe. Má tá sé roghnaithe agat na cuntais a shíniú le Deimhniú ROS, beidh tú in ann bileog chumhdaigh a íoslódáil, nuair a bheidh na sínithe ROS curtha leis.

Sa chás ina bhfuil sé roghnaithe agat na cuntais a shíniú go leictreonach agus íocaíocht a dhéanamh le cuntas custaiméara nó le cárta creidmheasa/dochair, tá an próiseas iomlán leictreonach, agus mar sin níl aon ghá le leathanach sínithe ná le bileog chumhdaigh.