B1 - Comhdú a dhéanamh ar líne

1ú Meitheamh 2017: Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh: Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht), Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe, Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí, Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú.

Céim 1 – Riachtanais chórais
Tá na nithe seo a leanas de dhíth chun comhdú a dhéanamh ar líne:

  1. Cuntas ríomhphoist reatha. 
  2. Adobe Reader 9, nó leaganacha níos déanaí, ar do ríomhaire (Ar fáil saor in aisce ó www.adobe.com). 
  3. Clóire chun an leathanach sínithe a chur i gcló. 
  4. Má tá bogearraí frithvíreas agat ar do ríomhaire, cumasaigh míreanna aníos chun an leathanach sínithe a fheiceáil.

Céim 2 - Clárú
Is gá duit clárú ar CORE ar dtús chun comhdú a dheanamh ar líne. Seo próiseas simplí.

  1. Logáil isteach ar www.core.ie
  2. Cliceáil ar CLÁRAIGH ar thaobh na láimhe deise den leathanach gréasáin. Má tá tú cláraithe cheana le haghaidh comhdú ar líne, is féidir leat d’ainm úsáideora agus d’fhocal faire reatha a úsáid.

Baile

Céim 3 - Teacht air
Logáil isteach ar www.core.ie le do sheoladh ríomhphoist agus d’fhocal faire.

Céim 4 - Comhlánú na foirme

CORE - Comhad. Foirm

  1. Cliceáil ar “Comhad. Foirm”. 
  2. Roghnaigh “B1 - Tuairisceán Bliantúil” ón spás oibre 
  3. Lean na treoracha agus bí cinnte go léann tú na teachtaireachtaí aníos go léir go cúramach. Ar mhaithe le cabhrú leat tuilleadh, osclóidh an cnaipe “Cabhair”, rud atá suite ar gach leathanach gréasáin, osclóidh sé leathanach treoracha.

Chomh maith leis sin, soláthróidh an deilbhín atá suite in aice le réimsí áirithe treoracha níos sonraí faoin réimse áirithe sin. 

  1. Nuair a bheidh na réimsí go léir comhlánaithe agat, cliceáil ar “Amharc Iomlán” agus cliceáil ar “Seiceáil Foirm” ansin chun easnaimh a aithint. 
  2. Nuair a bheidh an bailíochtú seo déanta, cliceáil ar “Seiceáil Inneachar” agus taispeánfar liosta neamhréireanna duit, más ann dóibh, rudaí ar a dtugtar “Earráidí” nó “Rabhaidh”.

Is gá earráidí a cheartú sular féidir leat an fhoirm a sheoladh; ba chóir rabhaidh a sheiceáil, le cinntiú go bhfuil an t-eolas i gceart ar feadh d’eolais. 

Is féidir leat an fhoirm a sheoladh isteach ansin nó í a shábháil agus í a sheoladh isteach ar ball. Is feidir freisin a íoc ar líne ag an bpointe aighneacht. Nuair a bheidh an fhoirm seolta isteach go rathúil agat, osclófar leathanach sínithe mar dhoiciméad pdf in Adobe Reader. 

Is gá duit an leathanach seo a chur i gcló agus bíodh sínithe na n-oifigeach bainteach air .i. stiúrthóir agus rúnaí nó an Gníomhaire Comhdaithe Leictreonaigh (féach Bileog Eolais Uimh.15)

Céim 5 - Cuntais Uaslódáil
Cliceáil ar Láthair Oibre agus roghnaigh an deilbhín chun “cuntais pdf uaslódáil”.

Spas Oibre

Céim 6 - Íocaíocht
Má tá tú roghnaithe a íoc ar líne agus uaslódáil cuntas pdf a bhfuil ainmneacha clóscríofa de na stiúrthóirí, gach is gá duit a dhéanamh ná a phost ar an leathanach
sínithe go dtí an CRO laistigh de 28 lá ón dáta a r-aighneacht nó cinnfear nár comhdaíodh an tuairisceán bliantúil in aon chor.

Fadhbanna le CORE

Má bhíonn fadhbanna agat le húsáid CORE, tá cnaipí cabhair ar fáil ar gach leathanach. Is féidir leat amharc ar liosta na gCCanna a bhaineann le r-chomhdú. Féadann tú teagmháil a dhéanamh leis an rannóg Ríomhchomhdaithe ag (01) 804 5355, 5374, 5307 nó r-phost a sheoladh chuig Ríomhchomhdú. Má bhíonn fadhbanna agat le foirm B1 í féin a chomhlánú in áit CORE a úsáid, déan teagmháil - seol r-phost chuig Deasc Chabhrach na dTuairisceán Bliantúil.

LEATHANAIGH SÍNITHE
Is féidir foirm B1 a shíniú go digiteach trí leas a bhaint as deimhniú de chuid Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir í a shíniú trí leas a bhaint as leathanach sínithe freisin. Beidh an leathanach sínithe ar fáil tar éis foirm B1 a chur isteach go leictreonach. Ní mór an leathanach sínithe a phriontáil amach, a shíniú agus a sheachadadh chuig CRO laistigh de 28 lá ón bhfoirm a chur isteach ar líne. Mura seachadtar an leathanach sínithe do CRO in am, is féidir go ngearrfar pionóis chomhdúcháin dhéanaigh agus go gcaillfear an díolúine ó iniúchadh. I gcás go seachadfar doiciméad chuig CRO tar éis a spriocdháta comhdaithe ar chúis ar bith, lena n-áirítear mar go ndearnadh é a chailleadh nó a mhoilliú sa chóras poist, níl an dara rogha ag CRO ach caitheamh leis an doiciméad mar dhoiciméad déanach.

Ón 1 Aibreán 2018 i leith, diúltaítear d’fhoirmeacha B1 go huathoibríoch i gcás nár síníodh an leathanach sínithe ar fhoirm B1 nó nár síníodh an deimhniú foriomlán nó i gcás nach bhfuil ach síniú amháin air nó i gcás nár uaslódáladh na ráitis airgeadais.