Cuntais Chuí

Cuntais chuideachtaí 

Forálann an ceanglas go gcoimeádann cuideachta leabhair chuí chuntais in alt 282 d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go gcoimeádfar leabhair chuntais chuí, cibé acu i bhfoirm doiciméad nó ar shlí eile -

  • a thaifeadfaidh agus a mhíneoidh go cruinn idirbhearta na cuideachta,
  • a chumasóidh tráth ar bith staid airgeadais na cuideachta a chinneadh go réasúnta cruinn,
  • a chumasóidh do na stiúrthóirí a chinntiú go ndéanann aon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair agus cuntas ioncaim agus caiteachais de chuid na cuideachta ceanglais Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh, agus
  • a chumasóidh cuntais na cuideachta a iniúchadh go réidh agus go cuí.

Airgeadra inar cheart taifid inmheánach leabharchoimeádta a choimeád.
Chun alt 282 a chomhlíonadh, ní mór taifid inmheánach leabharchoimeádta a choimeád in airgeadra a chumasóidh staid airgeadais na cuideachta a chinneadh go réasúnta cruinn, agus iniúchadh a dhéanamh gan aon deacracht.

Airgeadra inar cheart taifid leabharchoimeádta a choimeád.
Glacann an CRO le haghaidh comhdaithe cuntais fhoirmiúla na cuideachta atá ullmhaithe in airgeadra a bhfuil éifeacht dlí leis mar atá ag dáta a chríochnaíonn an bhliain airgeadais

Cuntais fhoirmiúla na cuideachta
Áirítear le cuntais fhoirmiúla na cuideachta na nithe mar seo a leanas:
Cuntais Bhliantúla: Tá an ceanglas chun cuntais bhliantúla a ullmhú istigh in alt 290 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Éilítear clár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó, i gcás cuideachta nach bhfuil ag trádáil le haghaidh brabúis, cuntas ioncaim agus caiteachais, a ullmhú uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire. Leagtar formáid an chláir comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair leagtha síos in a291/292 Acht na gCuideachtaí 2014.

Ceadaítear grúpchuntais le cur i gceangal le tuairisceán bliantúil cuideachta de bhun a294/295 Acht na gCuideachtaí 2014 .

Ní mór cuntais bhliantúil agus cuntais chomhdhlúite na mbanc nó na n-institiúidí airgeadais eile a ullmhú de I.R. 266 de 2015 (Rialacháin CE (Institiúidí Creidmheasa: Cuntais).

Ní mór cuntais bhliantúil agus cuntais chomhdhlúite na ngnóthas árachais a ullmhú de bhun I.R. Uimh. 262 de 2015 (Rialacháin CE (Gnóthas Árachais: Cuntais).

Éilíonn Rialachán 12 de I.R. 396 de 1993 (Rialacháin CE (Cuntais) 1993) ar chomhpháirtíochtaí áirithe cuntais bhliantúil, is é sin cuntas brabúis agus caillteanais agus clár comhardaithe a ullmhú.