Grúpchuideachtaí

 
Tá sé de dhualgas ar chuideachta shealbhaíochta a cuid Ráiteas Airgeadais féin agus Ráitis Airgeadais Ghrúpa chomhdhlúithe a chomhdú mura bhfuil sí díolmhaithe ó sin a dhéanamh. 

Díolúine ó chomhdhlúthú: cuideachta shealbhaíochta is foghnóthas de ghnóthas atá cláraithe sa LEE (alt 299, Acht na gCuideachtaí 2014)

Cuideachta shealbhaíochta níos ísle is fochuideachta í, is féidir go mbeidh sí díolmhaithe ón gceanglas Ráitis Airgeadais Ghrúpa a ullmhú más rud é: 

  • go bhfuil an chuideachta shealbhaíochta níos ísle ina fochuideachta faoi lánúinéireacht ag an ngnóthas sealbhaíochta de chuid LEE, nó
  • go sealbhaíonn an gnóthas sealbhaíochta de chuid LEE níos mó ná 50% de na scaireanna sa chuideachta shealbhaíochta níos ísle agus nár seirbheáladh fógra ar an gCuideachta shealbhaíochta níos ísle ag iarraidh go réiteofaí Ráitis Airgeadais ghrúpa, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, ag scairshealbhóirí a shealbhaíonn, ar bhonn comhiomlán:
    (i) níos mó ná leath na scaireanna atá fágtha sa chuideachta shealbhaíochta níos ísle;
    (ii) 5 faoin gcéad nó níos mó de na scaireanna iomlána sa chuideachta shealbhaíochta níos ísle (féach alt 299(2)(b), Acht na gCuideachtaí 2014).
  • Ní mór an chuideachta shealbhaíochta níos ísle a bheith san áireamh sna Ráitis Airgeadais chomhdhlúite don Ghrúpa níos mó arna n-ullmhú cothrom leis an dáta céanna nó dáta níos luaithe sa bhliain airgeadais chéanna, ag gnóthas sealbhaíochta atá bunaithe faoi dhlíthe stáit de chuid LEE,
  • Ní mór na Ráitis Airgeadais a bheith ullmhaithe de réir an Seachtú Treoir arna modhnú le Treoir 86/635/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/647/CEE ón gComhairle faoi seach nó iad a bheith ullmhaithe de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS).
  • Nochtann an chuideachta shealbhaíochta níos ísle i Ráitis Airgeadais an aonáin go bhfuil sí díolmhaithe ón oibleagáid Ráitis Airgeadais Ghrúpa a ullmhú agus a sheachadadh agus sonraíonn sí ainm an ghnóthais sealbhaíochta níos airde, an tír ina bhfuil sé corpraithe, agus, mura bhfuil an gnóthas sealbhaíochta corpraithe, a phríomh-áit ghnó;
  • Seachadann an chuideachta shealbhaíochta níos ísle, in am, ar Chláraitheoir na gCuideachtaí cóipeanna de chuntais chomhdhlúite an ghnóthais sealbhaíochta níos airde, a thuarascáil bhliantúil agus tuarascáil na n-iniúchóirí ina leith. 

(Féach alt 300 d'Acht na gCuideachtaí 2014, maidir le díolúine ó chomhdhlúthú: cuideachta shealbhaíochta is foghnóthas de ghnóthas atá cláraithe lasmuigh den LEE). 
 
Díolúine d'Fhochuideachta óna cuid Ráiteas Airgeadais féin a chur i gceangal lena tuairisceán bliantúil (alt 357, Acht na gCuideachtaí 2014) (díolúine faoi Alt 17 mar a bhíodh):

Cuideachta is foghnóthas de ghnóthas sealbhaíochta atá bunaithe faoi dhlíthe stát de chuid LEE, beidh sí díolmhaithe, maidir le haon bhliain airgeadais ar leith, ón gceanglas a cuid Ráiteas Airgeadais féin a chur i gceangal lena tuairisceán bliantúil agus féadfaidh sí Ráitis Airgeadais Ghrúpa a chur i gceangal leo ina n-ionad sin ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: 

  • Gach duine is scairshealbhóir de chuid na cuideachta ag an gcruinniú ginearálta bliantúil díreach tar éis dheireadh na bliana airgeadais, dearbhóidh sé nó sí go dtoilíonn sé nó sí leis an díolúine.
  • Cuirfear fógra i scríbhinn chuig gach scairshealbhóir.
  • Tá ráthaíocht neamh-inchúlghairthe ag an ngnóthas sealbhaíochta i leith na ndliteanas go léir don bhliain airgeadais
  • Tá na Ráitis Airgeadais reachtúla don bhliain airgeadais comhdhlúite isteach sna Ráitis Airgeadais chomhdhlúite atá ullmhaithe ag an gcuideachta shealbhaíochta atá bunaithe sa LEE.
  • Tá díolúine na fochuideachta nochta i nóta leis na Ráitis Airgeadais chomhdhlúite.
  • Airítear leis an tuairisceán bliantúil fógra á rá go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine in alt 357 d'Acht na gCuideachtaí 2014, cóip den ráthaíocht, an fógra do na scairshealbhóirí, agus dearbhú gur thoiligh na scairshealbhóirí leis an ráthaíocht. 
  • Cóip de Ráitis Airgeadais chomhdhlúite na cuideachta sealbhaíochta le tuarascáil iniúchóirí (ullmhaítear na Ráitis Airgeadais chomhdhlúite de réir Directive 2013/34/EU of the European Parliament and of the Council of 26 June 2013) agus iad iniúchta i gcomhréir le hAirteagal 34. 

Díolúine ó Iniúchadh do Ghrúpchuideachta Bheag (alt 359, Acht na gCuideachtaí 2014/alt 280b)
Baineann Díolúine ó Iniúchadh le haon ghrúpchuideachta má cháilíonn an grúpa ina iomláine mar Ghrúpa Beag. Ní mór go gcomhlíonfadh an grúpa ar fad agus a chuid foghnóthas go léir, ina n-iomláine, dhá cheann de na 3 choinníoll seo a leanas d'fhonn Díolúine ó Iniúchadh i leith Grúpchuideachta a éileamh:

  • Ní sháraíonn iomlán an chláir comhardaithe, i ndáil leis an gcuideachta shealbhaíochta agus comhaltaí eile an ghrúpa, ina iomláine, €12 milliún.
  • Ní sháraíonn láimhdeachas na cuideachta sealbhaíochta agus chomhaltaí eile an Ghrúpa, ina iomláine, €6 milliún. 
  • Ní sháraíonn meánlíon na ndaoine atá fostaithe ag an gcuideachta shealbhaíochta agus ag comhaltaí eile an ghrúpa, ina iomláine, 50 duine.

Ní mór na coinníollacha thuas a chomhlíonadh sa bhliain atá i gceist (ní mór na coinníollacha a chomhlíonadh freisin sa bhliain roimhe sin murab amhlaidh gurb í an chéad bhliain airgeadais atá i gceist i gcás na cuideachta sealbhaíochta) (alt 359(5) d'Acht na gCuideachtaí 2014).

Ní mór tuairisceán bliantúil na cuideachta, a bhfuil Ráitis Airgeadais ceangailte leis, a chomhdú i gceart agus in am don bhliain atá i gceist agus don bhliain roimhe sin (alt 364 d'Acht na gCuideachtaí 2014).

Níl díolúine ó iniúchadh ar fáil sa chás ina mbeidh cuideachta shealbhaíochta nó foghnóthas laistigh de chatagóir áirithe (alt 362 d'Acht na gCuideachtaí 2014)
NÍL cuideachta shealbhaíochta agus na comhaltaí eile de Ghrúpa i dteideal na díolúine ó iniúchadh i leith Grúpa Beag má tá an chuideachta ina cuideachta a thagann faoi réim aon fhoráil de Sceideal 5 (féach Aguisín 5), seachas cuideachta dá dtagraítear i mír 5 nó mír 16 de Sceideal 5 nó cuideachta urrúsaithe (alt 362(2) d'Acht na gCuideachtaí 2014).

Is Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe a bheidh i bhformhór na gcuideachtaí i mír 5 agus mír 16 de Sceideal 5 agus, ós rud é go bhfágann alt 994 d'Acht na gCuideachtaí 2014 nach bhfuil feidhm ag Cuid 6 d'Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás gach Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe ar forais chreidmheasa nó gnóthais árachais iad, níl siad i dteideal díolúine ó iniúchadh a éileamh faoi Chuid 6.

Cad is cuideachta urrúsaithe ann?
Is ionann cuideachta urrúsaithe agus cuideachta atá incháilithe chuige sin de réir bhrí alt 110 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, nó mar Chorparáid um Shásra Airgeadais. Más roimh an 1 Eanáir 2005, féach Airteagal 1(1) de Rialachán (CE) uimh. 24/2009 de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Más tar éis an 1 Eanáir 2005, féach Airteagal 1(1) de Rialachán (CE) uimh. 1075/2013 de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh. 

An cás ina seirbheálfar fógra faoi alt 334 maidir le Grúpa Beag

  • Má iarrann duine amháin nó níos mó de scairshealbhóirí na cuideachta, a bhfuil méid nach lú ná 10% de na cearta vótála acu (comhalta amháin i gcás cuideachta ráthaíochta (CTR)), nach mbainfidh an chuideachta leas as an díolúine agus má dhéanann sé nó sí nó siad fógra a sheirbheáil i scríbhinn chuige sin ar an gcuideachta sa bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann nó le linn na bliana airgeadais lena mbaineann ach tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dheireadh na bliana sin, ní mór go ndéanfaí iniúchadh ar an gcuideachta.
    (Alt 334 d'Acht na gCuideachtaí 2014)
  • Má dhéantar an fógra a sheirbheáil ar an gCuideachta Shealbhaíochta, ní féidir leis an nGrúpa leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh.
  • Má dhéantar an fógra a sheirbheáil ar fhochuideachta, ní féidir leis an bhfochuideachta leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh. 

Ráiteas um Dhíolúine ó Iniúchadh i leith Grúpchuideachta
Nuair a bhítear ag baint leasa as an díolúine, ní mór do stiúrthóirí na cuideachta na ráitis seo a leanas a áireamh ar chlár comhardaithe na cuideachta – luaitear alt 358 d'Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás seachas grúpa, alt 359/280B d'Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás Grúpa:  

Sonraíonn muidne, stiúrthóirí (ainm na cuideachta) –

(a) "go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine dá bhforáiltear le Caibidil 15 de Chuid 6 d'Acht na gCuideachtaí 2014" (ní mór na focail shonracha sin a úsáid),
(b) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ar na forais go gcomhlíonann sí na coinníollacha a shonraítear in alt 359,
(c) "ní dhearnadh aon fhógra faoi fho-alt (1) d'alt 334, de réir fho-alt (2) den alt sin, a sheirbheáil ar an gcuideachta" (agóid chomhaltaí), agus
(d) go n-admhaíonn na stiúrthóirí oibleagáidí na cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014, chun –
(i) taifid chuntais chuí a choimeád agus Ráitis Airgeadais a ullmhú a thugann léargas fíorcheart ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a sochar nó a dochar don bhliain sin, agus
(ii) chun na forálacha d'Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le Ráitis Airgeadais a chomhlíonadh thairis sin a mhéid atá na forálacha sin infheidhmithe maidir leis an gcuideachta.

Thar ceann an bhoird: 
 
Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora         Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:
Stiúrthóir                                                 Stiúrthóir
Dáta                                                         Dáta