Mór

Tá ar chuideachtaí mhóra cuntais a chomhdú ina bhfuil na nithe seo a leanas

  • clár comhardaithe iomlán
  • cuntas brabúis agus caillteanais
  • tuarascáil an iniúchóra
  • tuarascáil na stiúrthóirí

Ní mór deimhniú ginearálta a bheith ann a dheimhníonn go bhfuil na cuntais agus na tuarascálacha san iomlán ina gcóip dhílis de chuntais agus de thuarascálacha mar a leagadh faoi bhráid na gcomhaltaí ag an CGB. Ní mór don deimhniú bheith sínithe ag stiúrthóir agus an rúnaí.

Faoi alt 225 d'Acht na gCuideachtaí 2014, cuirtear d'oibleagáid ar stiúrthóirí cuideachtaí áirithe ráiteas comhlíontachta a chomhlánú chomh maith leis an ráiteas a cheanglaítear faoi alt 325. 

  • Féadfar cuideachtaí a dhíolmhú faoi aicme (g) d'alt 943(1) más cuideachtaí cáilitheacha iad de réir bhrí alt 110 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 (arna chur isteach le halt 48 den Acht Airgeadais 2003).
  • Cuideachtai neamhtheoranta 
  • Tá cuideachtaí díolmhaithe mura cuideachtaí mórmhéide iad. (níl an díolmhú sin ar fáil i gcás Cuideachtaí Poiblí Teoranta).

Chun críocha an ailt sin, is ionann cuideachtaí móra agus iad siúd a bhfuil iomlán a gclár comhardaithe níos mó ná €12,500,000 agus cuideachtaí a bhfuil a láimhdeachas don bhliain níos mó ná €25,000,000. 
 
(Is ionann an ráiteas faoi alt 325 agus tuarascáil na stiúrthóirí, nach mór a áireamh inti tuarascáil ar ábhair ghinearálta i ndáil leis an gcuideachta, athbhreithniú gnó, faisnéis ar fháil nó diúscairt scaireanna na cuideachta féin, faisnéis ar na leasanna i scaireanna nó i mbintiúir agus ráiteas ar fhaisnéis iniúchóireachta iomchuí).

Ní mór go n-admhófaí sa ráiteas comhlíontachta go bhfuil na stiúrthóirí freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta a cuid oibleagáidí iomchuí.

Maidir le gach ceann de na rudaí a shonraítear thíos á dheimhniú go bhfuil an rud déanta, nó nach bhfuil sé déanta, á shonrú na gcúiseanna nach bhfuil sé déanta.

  • 1. Ullmhú ráitis (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear in Acht na gCuideachtaí 2014, "ráiteas beartais um chomhlíonadh", ina leagfar amach beartais na cuideachta (is iomchuí don chuideachta, i dtuairim na stiúrthóirí) maidir leis an gcuideachta do chomhlíonadh a cuid oibleagáidí iomchuí; 
  • 2. Cur i bhfeidhm socruithe oiriúnacha nó struchtúr oiriúnach atá, i dtuairim na stiúrthóirí, ceaptha chun comhlíonadh ábhartha oibleagáidí iomchuí na cuideachta a áirithiú; 
  • 3. Déanamh athbhreithnithe, i rith na bliana airgeadais lena mbaineann an tuarascáil, ar aon socruithe nó struchtúir dá dtagraítear i gcuid 2 atá curtha i bhfeidhm. 

Féadfar go n-áireofaí leis na socruithe nó na struchtúir dá dtagraítear i bpointe 2, má chinneann stiúrthóirí na cuideachta amhlaidh dá rogha féin, brath ar chomhairle duine nó daoine atá fostaithe ag an gcuideachta nó fostaithe aici faoi chonradh le haghaidh seirbhísí, ar duine é nó í a ndealraíonn sé do na stiúrthóirí ag a bhfuil an t-eolas agus an taithí is gá chun comhairle a chur ar an gcuideachta maidir le comhlíonadh a cuid oibleagáidí iomchuí.

Na socruithe nó na struchtúir dá dtagraítear i bpointe 2, measfar gur ceapadh iad chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta lena mbaineann a cuid oibleagáidí iomchuí go hábhartha má chuirtear ar fáil leo dearbhú réasúnta ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin ar gach slí ábhartha.

Is cion chatagóir 3 é mainneachtain déanamh de réir alt 225, maidir le gach stiúrthóir a rinne mainneachtain.