Tuarascáil ón Iniúchóir

Ní mór tuarascáil ón iniúchóir do chomhaltaí na cuideachta a dhéanamh de réir alt 336 d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith i dTuarascáil na nIniúchóirí. 

  • Cibé acu an bhfuair siad nó nach bhfuair siad an fhaisnéis agus na mínithe go léir ba ghá, fad ab eol dóibh agus mar a chreid siad chun críocha a n-iniúchta.
  • Cibé acu, dar leo, an raibh nó nach raibh taifid chuntasaíochta na cuideachta leordhóthanach ionas go bhféadfaí na Ráitis Airgeadais a iniúchadh go héasca agus go cuí, 
  • Cibé acu, dar leo, an bhfuarthas nó nach bhfuarthas faisnéis agus tuairisceáin is leordhóthanach dá n-iniúchadh ó bhrainsí den chuideachta nár thug siad cuairt orthu, 
  • I gcás Ráitis Airgeadais aonáin, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil clár comhardaithe na cuideachta agus, ach amháin sa chás ina bhfuil leas bainte as an díolúine faoi alt 304, an cuntas sochair agus dochair ag teacht leis na taifid chuntasaíochta agus na tuairisceáin,
  • Cibé acu, dar leo, an dtugtar nó nach dtugtar iontu léargas fíorcheart – i gcás clár comhardaithe aonáin, ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta amhail ag deireadh na bliana airgeadais – i gcás cuntas sochair agus dochair aonáin, ar shochar agus dochar na cuideachta don bhliain airgeadais
    - i gcás Ráitis Airgeadais ghrúpa, ar na sócmhainní, na dliteanais, agus an staid airgeadais amhail ag deireadh na bliana airgeadais agus ar an sochar agus dochar do bhliain airgeadais na ngnóthas ar áireamh sa chomhdhlúthú ina iomláine, a mhéid a bhaineann le comhaltaí na Cuideachta,
  • Cibé an bhfuil nó nach bhfuil na Ráitis Airgeadais reachtúla ullmhaithe go cuí de réir an chreata tuairiscithe airgeadais iomchuí agus, go háirithe, de réir cheanglais Acht na gCuideachtaí 2014 (agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 4 den Rialachán IAS)

Sonrófar i dtuarascáil reachtúil na n-iniúchóirí freisin cibé, dar leo, an bhfuil nó nach bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dtuarascáil na stiúrthóirí don bhliain airgeadais ag teacht leis na Ráitis Airgeadais reachtúla.

Chomh maith leis sin, beidh sa tuarascáil, i ndáil le gach ní dá dtagraítear sna pointí thuas, ráiteas nó tuairim, de réir mar a bheidh, a bheidh neamhcháilithe nó cáilithe agus ina mbeidh tagairt d'aon nithe ar mian leis na hiniúchóirí reachtúla aird a dhíriú orthu gan an tuarascáil a cháiliú. Is féidir le ráiteas tuairime a bheith cáilithe, lena n-áirítear go feadh tuairim chodarsnach nó séanadh tuairime, i gcás ina mbeidh easaontas nó teorainn i raon feidhme na hoibre.

Chomh maith leis sin, faoi alt 336(8) d'Acht na gCuideachtaí 2014, más rud é, i gcás aon Ráiteas Airgeadais reachtúil, nár comhlíonadh ceanglais alt 305 – alt 312, ní mór go gcuirfeadh na hiniúchóirí reachtúla san áireamh ina dtuarascáil, a mhéid is go bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh go réasúnach, ráiteas ina mbeidh na sonraí is gá. (Déileáiltear in alt 305 – alt 312 le luach saothair/leasanna/nochtadh sochar stiúrthóra agus le nochtadh banc ceadúnaithe).

Faoi alt 336(2), ba chóir go mbeadh réamhrá sa tuarascáil ina sainaithnítear Ráitis Airgeadais an aonáin, agus nuair is cuí, na Ráitis Airgeadais ghrúpa, is ábhar an iniúchta, agus an creat tuairiscithe airgeadais a cuireadh i bhfeidhm ina n-ullmhú agus freisin cur síos ar raon feidhme an iniúchta agus na caighdeáin iniúchóireachta ar dá réir a rinneadh an t-iniúchadh a sheoladh.

Tuarascáil na nIniúchóirí a shíniú (alt 337 d'Acht na gCuideachtaí 2014)
De réir alt 337 d'Acht na gCuideachtaí 2014, sonrófar sa chóip de thuarascáil na n-iniúchóirí reachtúla a dhéanfar a sheachadadh ar an gCláraitheoir ainm an iniúchóra reachtúil nó na n-iniúchóirí reachtúla agus beidh uirthi an síniú (i bhfoirm chlóchuir de réir alt 347(2)) agus an dáta sínithe.

De réir I.R. 312 de 2016 - European Union (Statutory Audits) (Directive 2006/43/EC, as amended by Directive 2014/56/EU, and Regulation (EU) No 537/2014) Regulations 2016.

  • más iniúchóir reachtúil (duine nádúrtha) é nó í an t-iniúchóir, beidh an tuarascáil sínithe ag an duine sin, nó 
  • más gnólacht iniúchóireachta reachtúla é an t-iniúchóir, beidh an tuarascáil sínithe: 
  • ag an iniúchóir reachtúil (nó, i gcás ina bhfuil níos mó ná duine amháin i gceist, gach iniúchóir reachtúil) atá ainmnithe ag an ngnólacht iniúchóireachta reachtúla don chúram iniúchóireachta áirithe sin chun bheith freagrach go príomha as an iniúchadh reachtúil a chur i gcrích thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta,
  • i gcás iniúchadh ar ghrúpa, ag an iniúchóir reachtúil ar a laghad (nó, i gcás ina bhfuil níos mó ná duine amháin i gceist, gach iniúchóir reachtúil) atá ainmnithe ag an ngnólacht iniúchóireachta reachtúla chun bheith freagrach go príomha as an iniúchadh reachtúil a chur i gcrích ar leibhéal an ghrúpa, 

faoina ainm nó faoina hainm féin, ar son agus thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta.

Aon tuarascáil iniúchóirí nach bhfuil clóscríofa, sínithe agus dátaithe de réir na míre seo, cuirfear ar ais chuig an láithreoir í lena ceartú de réir alt 898 d'Acht na gCuideachtaí 2014.

Áireofar Tuarascáil na nIniúchóirí sa deimhniú ar na Ráitis Airgeadais ar an bhfoirm B1 ó Stiúrthóir agus Rúnaí de chuid na cuideachta. 
 
Tuarascáil Iniúchóirí i gcás ina bhfuil na Ráitis Airgeadais giorraithe
De bhreis ar thuarascáil na n-iniúchóirí do na comhaltaí, ní mór do chuideachta a bhfuil Ráitis Airgeadais ghiorraithe á gcomhdú aici tuarascáil iniúchóirí speisialta do na stiúrthóirí a chomhdú de bhun alt 356(1) d'Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás cuideachta bheag.

Cuideachta Bheag
Ceanglaítear an méid seo a leanas a shonrú i dtuarascáil na n-iniúchóirí do stiúrthóirí cuideachta beag:

Tá scrúdú déanta againn orthu seo a leanas: 

  • Na Ráitis Airgeadais ghiorraithe don bhliain dar chríoch ar leathanaigh go dtí a bhfuil sé beartaithe ag stiúrthóirí a chur i gceangal le tuairisceán bliantúil na cuideachta; agus 
  • Na Ráitis Airgeadais atá le leagan faoi bhráid an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil atá mar bhonn do na Ráitis Airgeadais ghiorraithe sin.
    Bhí raon feidhme ár n-oibre chun críche na tuarascála seo teoranta do dheimhniú go bhfuil na stiúrthóirí i dteideal Ráitis Airgeadais ghiorraithe a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil agus go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe sin ullmhaithe go cuí, de bhun alt 347 agus alt 348 d'Acht na gCuideachtaí 2014, as na Ráitis Airgeadais atá le leagan faoi bhráid an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil. 

Is é ár dtuairim go bhfuil na stiúrthóirí i dteideal, faoi alt 352 d'Acht na gCuideachtaí 2014, Ráitis Airgeadais ghiorraithe a chur i gceangal le tuairisceán bliantúil na cuideachta agus go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe sin ullmhaithe go cuí de bhun fhorálacha alt 353 den Acht. 
 
Ainm Clóscríofa:
Le haghaidh agus thar ceann (gnólacht iniúchóireachta)
Iniúchóirí: ABC & a Chuid
Dáta: LL/MM/BBBB

Ba chóir gur ar an dealramh seo a leanas a bheadh an 'bloc sínithe' ag bun na cóipe de thuarascáil na n-iniúchóirí a sheachadfar ar an gCláraitheoir:

Sa chás inar duine aonair é nó í an t-iniúchóir:      NÓ Sa chás inar cuideachta iniúchóireachta é an t-iniúchóir: 
Ainm CLÓSCRÍOFA an duine aonair mar atá sé ar an gClár Poiblí Iniúchóirí    

Ainm nó ainmneacha CLÓSCRÍOFA an iniúchóra nó, má tá níos mó ná duine amháin i gceist, gach iniúchóra reachtúil le haghaidh agus thar ceann  

Ainm clóscríofa an Ghnólachta Iniúchóireachta Reachtúla mar atá sé ar an  gClár Poiblí Iniúchóirí 

Seoladh (roghnach) Seoladh (roghnach)
Dáta sínithe   Dáta sínithe