Cionta

Déantar foráil san Acht do chionta a chur i gceithre chatagóir, Catagóir 1 go dtí Catagóir 4. Tríd síos san Acht, cuirtear na cionta arna gcruthú i gcatagóirí maidir leis an gcatagóir phionóis shonrach atá ag gabháil leo.

Tá na pionóis sin leagtha amach in Alt 871, Caibidil 7 de Chuid 14:

  • Cion chatagóir 1 – ar é nó í a chiontú ar díotáil, féadfar téarma príosúnachta suas le 10 mbliana nó fíneáil suas le €500,000 nó iad araon a chur ar dhuine;
  • Cion chatagóir 1 – ar é nó í a chiontú go hachomair, féadfar fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur ar dhuine;
  • Cion chatagóir 2 – ar é nó í a chiontú ar díotáil, féadfar téarma príosúnachta suas le cúig bliana nó fíneáil suas le €50,000 nó iad araon a chur ar dhuine;
  • Cion chatagóir 2 – ar é nó í a chiontú go hachomair, féadfar fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur ar dhuine; 
  • Cion chatagóir 3 – cion achomair amháin, is inphionóis le téarma príosúnachta suas le sé mhí agus forchur "fíneála d'Aicme A" (nó iad araon); agus
  • Cion chatagóir 4 – cion achomair amháin freisin, is inphionóis le forchur fíneála d'Aicme A.

Ciallaíonn "fíneáil d’aicme A" fíneáil de réir bhrí an Achta Fíneálacha 2010 (.i. fíneáil nach mó ná €5,000).