Tarscaoileadh Pionóis

TABHAIR FAOI DEARA GO gCUIRFEAR DEIREADH LEIS AN SCÉIM UM THARSCAOILEADH PIONÓIS - ÓN 1 MEITHEAMH 2015 AR AGHAIDH

Tabhair faoi deara le do thoil gurb amhlaidh, ó dháta thosach feidhme Acht na gCuideachtaí 2014 (an 1 Meitheamh 2015), go bhféadfar iarratais ar shíneadh ama i ndáil le comhdú tuairisceáin bhliantúil a dhéanamh tríd an gCúirt Dúiche de réir alt 343(5) den Acht. Is lú i bhfad na costais a bhaineann le hiarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ná iad siúd a bhaineann le hiarratas chun na hArd-Chúirte (arb í an chúirt atá leagtha síos faoi láthair). Éistfidh an Chúirt Dúiche (de bhun fógra chun an Chláraitheora) iarratais ar shíneadh ama i ndáil leis an tuairisceán bliantúil a chomhdú agus d'fhéadfadh sí Ordú a dhéanamh lena gcuirfear síneadh ama le spriocdháta an chomhdaithe. Sa chás ina ndéanfaidh cuideachta Ordú den sórt sin a chomhdú leis an CRO laistigh de 28 lá ón tráth a rinneadh an tOrdú, agus ina gcomhdóidh sí an tuairisceán bliantúil ina dhiaidh sin laistigh den am breise a leagfaidh an Chúirt síos, measfaidh an CRO go bhfuarthas in am iad. Dá bharr sin, ní bheidh feidhm ag iarmhairtí an chomhdaithe dhéanaigh (pionóis um chomhdú déanach / caillteanas na díolúine um iniúchadh) maidir leis an tuairisceán bliantúil sin. Cuirfear tuilleadh eolais faoin bpróiseas sin ar fáil ar www.cro.ie in am is i dtráth.

Dá réir sin, ón 1 Meitheamh 2015 ar aghaidh ní bheidh CRO ag glacadh le hiarratais ar an bpionós um chomhdú déanach a tharscaoileadh. Ina ionad sin, má theastaíonn breis ama ó chuideachtaí chun a dtuairisceán bliantúil a chomhdú, ba chóir dóibh iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil a n-oifig chláraithe suite.

NB. Ní bheidh feidhm ag alt 343(5) den Acht maidir le tuairisceán bliantúil atá faighte ag an CRO cheana féin ar an 1 Meitheamh.