Ní mór do bheirt éagsúil a n-ainmneacha a chur leis na foirmeacha B1 agus A1

Déantar foráil le hAlt 134 d’Acht 2014
Maidir le foráil—
(a) an Achta seo;
(b) ionstraim faoi; nó
(c) bunreacht cuideachta,
lena gceanglaítear nó lena n-údaraítear go ndéanfar rud ag stiúrthóir nó i leith stiúrthóra agus an rúnaí, ní dhéanfar iad sin a chomhlíonadh trína ndéanamh ag an duine céanna nó i leith an duine chéanna a ghníomhaíonn mar stiúrthóir agus mar an rúnaí araon, nó in ionad an rúnaí
. (Béim curtha leis)

Le hAcht na gCuideachtaí 2014 tugadh isteach an coincheap de chuideachtaí stiúrthóra aonair. (Is féidir le cuideachtaí faoi theorainn scaireanna arna gclárú faoi Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí 2014 bheith ina gcuideachtaí stiúrthóra aonair (cuideachtaí teoranta)). Éilítear ar na cuideachtaí sin fós rúnaí cuideachta ar leith a bheith acu. Ní foláir nó go mbíonn rúnaí na cuideachta ina dhuine éigin seachas an stiúrthóir aonair atá ann cheana. Má cheapann an stiúrthóir aonair cuideachta ar leith chun gníomhú mar a rúnaí, d’fhéadfadh an stiúrthóir aonair atá i gceist a bheith ina stiúrthóir freisin den chuideachta rúnaíochta sin. Ach ní féidir leis/léi doiciméid a shíniú don chéad chuideachta mar rúnaí, áfach, nuair a theastaíonn sínithe an stiúrthóra agus an rúnaí araon ón doiciméad .i. ní féidir le duine an fhoirm chéanna a shíniú mar stiúrthóir agus mar an rúnaí araon, nó in ionad an rúnaí.

Tabhair faoi deara, go bhfuil alt 134 d’Acht na gCuideachtaí lena soláthraítear an riail sin infheidhme maidir le cuideachtaí ina bhfuil beirt stiúrthóirí nó níos mó. Tá an cumas ag cuideachtaí duine cláraithe a cheapadh faoi alt 39 d’Acht na gCuideachtaí 2014 chun gníomhú ar son na cuideachta (foirm B46).

Áirítear le foirmeacha suntasacha óna dteastaíonn sínithe an stiúrthóra agus an rúnaí araon:
Foirm A1 – doiciméad corpraithe na cuideachta agus
Foirm B1 – an tuairisceán bliantúil.

Ní mór do bheirt éagsúil a n-ainmneacha a chur leis na foirmeacha. Mar an gcéanna agus mar atá sonraithe thuas cheana féin, bheadh sé sin infheidhme maidir le cuideachtaí ina bhfuil beirt stiúrthóirí agus iad ag cur a n-ainmneacha le Foirm B1. Ní féidir le duine aonair atá ina stiúrthóir an fhoirm chéanna a shíniú mar rúnaí agus mar stiúrthóir araon. Éilítear ar an dara stiúrthóir í a shíniú freisin.

Má fhaightear foirm A1 nó B1 (nó aon fhoirm fhorordaithe eile óna dteastaíonn sínithe stiúrthóra agus an rúnaí araon le haghaidh deimhnithe) agus má shíníonn an duine aonair céanna í mar stiúrthóir agus mar rúnaí araon, diúltófar an fhoirm sin agus seolfar ar ais chuig an seoltóir í.