An tAcht Toghcháin (Maoiniú Polaitíochta), 2012

Síníodh an tAcht seo sa dlí 6/11/2012. Déantar i gceann de na forálacha den Acht sin an méid tairsí maidir le nochtadh tabhartas polaitiúil a laghdú, tabhartas a thug cuideachta, cumann nó ceardchumann ar fhoirm thuairisceáin bhliantúil atá comhlíonta ag cuideachta, cumann nó ceardchumann. Le héifeacht ó 7/11/2013 rinneadh an tairseach don nochtadh sin a laghdú go suntasach ó €5,079 go €200.

Cuideachtaí, cumainn agus ceardchumainn a dhéanann tuairisceán bliantúil suas le dáta 7/11/2013 nó ina dhiaidhsin, éilítear orthu gach tabhartas polaitiúil a thug an chuideachta, cumann nó ceardchumann atá níos mó na €200 san iomlán a nochtadh sa tuairisceán sin, de réir mar is infheidhme, le linn na tréimhse lena mbaineann sa tuairisceán bliantúil.

Cuideachtaí, cumainn agus ceardchumainn a dhéanann tuairisceán bliantúil suas le dáta 6/11/2013 nó roimhesin, éilítear orthu gach tabhartas polaitiúil a thug an chuideachta, cumann nó ceardchumann atá níos mó na €5,079 san iomlán a nochtadh sa tuairisceán sin, de réir mar is infheidhme, le linn na tréimhse lena mbaineann sa tuairisceán bliantúil.

Féach leathanach greasáin SIPO freisin.