Conas DTB nua a ainmniú - DTB níos lú a ainmniú

(Tabhair faoi deara: Ní bhaineann an pointe seo le cuideachtaí ionchorpraithe nua agus an chéad thuairisceán bliantúil á chomhdú acu.)

Le DTB níos lú a ainmniú, is féidir le cuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú a cuireadh le chéile suas go dtí dáta roimh DTB reatha na cuideachta.

Cuideachta a bhíonn tuairisceán bliantúil ullmhaithe aici roimh an DTB reatha, is féidir léi tuairisceán a chomhdú a cuireadh le chéile suas go dtí dáta roimh an DTB reatha. Má theastaíonn uaithi, áfach, an DTB a bhí aici cheana a choimeád don bhliain ina dhiaidh sin, ní mór di é seo a chur in iúl don CRO ag úsáid Foirme B1. Nuair a roghnaíonn an chuideachta an DTB céanna a bhí aici cheana don bhliain ina dhaidh sin, cuir tic sa bhosca "Tá" sa rannóg chuí den Fhoirm B1. Nuair a roghnaíonn an chuideachta an DTB céanna a úsáidtear i mbliana, ba chóir tic a chur sa bhosca "Níl". Mura gcuirtear tic sna boscaí agus má chomhdaítear tuairisceán atá curtha le chéile suas go dtí dáta atá níos luaithe ná an DTB reatha, seolfaidh an CRO an fhoirm ar ais chuig an láithreoir le hí a cheartú.

Sonraíonn Achtanna na gCuideachtaí gur gá do chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire. Caithfidh cuideachta a bhfuil dáta ARD 2019 aici tuairisceán bliantúil a chomhdú agus dáta éifeachtach i 2019 aige chun an riachtanas seo a chomhlíonadh agus a gcéad ARD eile a bhogadh ar aghaidh go dtí 2020.

Má chomhdaíonn tú do thuairisceán bliantúil agus dáta éifeachtach go mall i 2019 aige, agus tú ag súil go gcomhlíonfaidh sé seo do dhualgais chomhdaithe do 2020, ní chomhlíonfaidh sé iad agus beidh ort tuairisceán bliantúil a chomhdú fós i 2020. Ní féidir le cuideachtaí comhdú go luath ach i dtaca leis an mbliain ARD reatha, gan le haghaidh bliana sa todhchaí.

I ngach cás, ní mór tuairisceán bliantúil a sheachadadh don CRO tráth nach déanaí ná 28 lá ón dáta "go dtí go gcuirtear í le chéile". Dá bhrí sin, ní mór do chuideachta a theastaíonn uaithi a tuairisceán a chomhdú go luath ach a roghnaíonn an DTB atá aici cheana, nó cuideachta a roghnaíonn DTB níos luaithe do na blianta ina dhiaidh sin, Foirm B1 a chomhdú tráth nach déanaí ná 28 lá ón dáta go dtí go ndéantar an tuairisceán a leirítear ar an bhfoirm.