Níl do chuid Airgead uainn

Ní mór do thuairisceán bliantúil ag cuideachta a bheith curtha le chéile suas go dtí dáta roimh an DTB, ah amháin i leith an chéad tuairisceán bliantúil ag cuideachta nua, tuairisceán ar gá dó a bheith curtha le chéile suas go dtí an chéad DTB.

Tugadh DTB de réir dlí do gach cuideachta ar marthain an 1 Marta 2002.

Is é an DTB ag cuideachta nua ná sé mhí tar éis an dáta ionchorpraithe. Mar shampla, cuideachta a ionchorpraítear an 5 Márta, an 5 Meán Fómhair is ea an DTB a bheidh aici an bhliain sin. Is féidir léi a tuairisceán bliantúil a chomhdú suas go dtí an 5 Meán Fómhair. 12 mhí tar éis DTB na bliana roimhe sin is ea an DTB a bheidh ag cuideachta, ach amháin nuair a athraíonn an chuideachta an DTB sin.

Is féidir DTB de chuid cuideachtaí a sheiceáil saor in aisce trí logáil isteach ag www.cro.ie/search agus ainm nó uimhir na cuideachta a chuardaigh. Taispeánfar an fhaisnéis seo faoin teideal "Next ARDate".

Cad iad dualgais na cuideachta maidir le tuairisceán bliantúil a ullmhú agus a chomhdú?

Cuideachta nua

  • Is é an chéad DTB ná sé mhí tar éis an dáta ionchorpraithe.
  • Ní mór an chéad tuairisceán bliantúil (Foirm B1) a chomhdú leis an CRO tráth nach déanaí ná 28 lá ón DTB sin.
  • Ní gá cuntais a chomhdú in éineacht leis an gcéad tuairisceán bliantúil. I gcás cuideachta, áfach, a ionchorpraíodh roimh an 1 Márta 2002 a dhéanann an chéad tuairisceán a sheachadadh ag an am seo, ní mór di cuntais a chomhdú in éineacht leis an tuairisceán seo.
  • Ní féidir dáta níos luaithe a leagadh amach don chéad DTB ach is féidir síneadh sé mhí nó níos lú a chur leis. Agus síneadh curtha leis an gcéad ARD, áfach, luathaítear an spriocdháta comhdaithe cuntas ó 18 mí agus 28 lá ón dáta ionchorpraithe go dtí dáta níos luaithe. Ní chóir do chuideachtaí síneadh a chur leis an gcéad DTB gan é seo a chur san áireamh.

Cuideachta atá ann cheana féin

  • Is é DTB na cuideachta ná 12 mhí ón DTB roimhe sin, ach amháin nuair a athraíonn an chuideachta an DTB
  • Ní mór an tuairisceán bliantúil agus na cuntais a chomhdú leis an CRO tráth nach déanaí ná 28 lá ó DTB na cuideachta
  • Is féidir le cuideachta an DTB a athrú go dtí dáta níos luaithe, nó, uair amháin gach cúig bliana, is féidir léi síneadh sé mhí nó níos lú a chur leis an dáta.
  • Ní féidir cuntais, le dáta deiridh de bhreis is naoi mí roimh an DTB, a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil agus ba chóir dóibh an tréimhse a chlúdú ó dheireadh na tréimhse cuntas roimhe sin ar aghaidh, cuntais a comhdaíodh leis an CRO.